Méid an Téacs

Rialacháin Nua do Sheirbhísí Luathbhlianta sínithe ag Dr. James Reilly, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Bealtaine 5, 2016

Foilsíodh na Rialacháin nua do Sheirbhísí Luathbhlianta inné (4ú Bealtaine 2016), agus beidh siad ag teacht i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ón 30ú Meitheamh 2016.

Seo thíos achoimre ar chuid de na príomhathruithe atá leagtha síos sna Rialacháin seo:

Clárúchán:

De réir Acht 2013, cuireadh ceanglas ar sheirbhísí luathbhlianta clárú le Tusla sular tugadh cead dóibh oscailt. Sna Rialacháin nua, leagtar síos nósanna imeachta Tusla agus measúnacht á déanamh acu ar sheirbhísí nua réamhscoile, mar aon leis na doiciméid agus polasaithe éagsúla atá le soláthar ag seirbhísí ionchasacha lena gcuid iarratas. Sula ndéanfar cinneadh i dtaobh clárúcháin, tabharfaidh ball foirne ó Tusla cuairt ar an tseirbhís le cinntiú go bhfuil an foirgneamh oiriúnach le seirbhís luathbhlianta a lonnú ann.

 Cáilíochtaí:

De réir na Rialachán nua, caithfidh gach ball foirne atá ag plé go díreach leis na páistí cáilíochtaí sa chúram agus oideachas na luath-óige ag leibhéal a 5 de réir an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí a bheith bainte amach acu, nó cáilíochtaí eile atá aitheanta bheith comhionann leis seo. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm do sheirbhísí úrnua ar 30ú Meitheamh 2016, agus do sheirbhísí reatha ar 31ú Nollaig 2016.

 Bainistíocht:

De réir na Rialachán nua, caithfidh seirbhísí luathbhlianta a léiriú go bhfuil struchtúr soiléir bainistíochta i bhfeidhm acu, agus go bhfuil gach ball foirne ar an eolas faoina gcuid freagrachtaí agus faoin ról faoi leith atá acu féin sa tseirbhís. Maítear gur chóir maoirseacht chuí a dhéanamh ar bhaill foirne agus go gcuirfear traenáil ar fáil dóibh de réir mar is gá (traenáil i dtaobh pholasaithe agus nósanna imeachta na seirbhíse san áireamh)

Tá sé de dhualgas ar an soláthraí seirbhíse cinntiú go ndéanfar Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar gach ball foirne agus go bhfuil nósanna imeachta láidre acmhainní daonna i bhfeidhm chun baill foirne nua a earcú agus teistiméireachtaí a lorg uathu agus iad a scrúdú go mion.

Tá Creat Cáilíochta agus Rialála á fhorbairt ag Tusla faoi láthair d’fhonn cabhrú le seirbhísí luathbhlianta dul i ngleic leis na Rialacháin nua seo agus tá Gaelscoileanna Teo. ag plé go leanúnach leo maidir leis, in éineacht le baill an Chomhar Náisiúnta Deonach um Chúram Leanaí, na coistí cúram leanaí agus eile. Má tá seirbhís luathbhlianta faoi do chúram, cuirfidh Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh aon aiseolas maidir leis na Rialacháin seo ar an ríomhphost chuig clare@gaelscoileanna.ie le go gcuirfí faoi bhráid Tusla é.

Tá preasráiteas an Aire le fáil ar shuíomh Tusla agus is féidir na Rialacháin a íoslódáil anseo http://www.dcya.gov.ie/documents/publications/20160504EarlyYearsRegs2016.pdf