Méid an Téacs

Ról na nGaelscoileanna sa Straitéis le plé

Deireadh Fómhair 18, 2010

Tabharfaidh an tAire Pat Carey TD léargas ar an tábhacht a fheiceann sé i gcoitinne agus don Rialtas leis an earnáil ghaeloideachais ag comhdháil bhliantúil Gaelscoileanna Teo a bheidh ar siúl ar an dTulach Mhór i lár mhí na Samhna.

Tá an dlaoi mhullaigh curtha ar chlár na comhdhála ina bheidh ról  straitéiseach na nGaelscoileanna i bhforbairt na Gaeilge sa chéad fiche bliain eile i gcomhthéacs na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ach go háirithe á phlé ann.

Téama tráthúil go leor atá roghnaithe mar ábhar dhíospóireachta na comhdhála dar le Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, “agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ar tí a bheith foilsithe, cuirtear os comhair ár súile comhthéacs agus tábhacht bhunúsach  an ghaeloideachais i bhforbairt thodhchaí na teanga.”

Beidh cainteanna agus ceardlanna éagsúla á reáchtáil  le linn na comhdhála a bheidh ar siúl  san Óstán Tullamore Court ar an 19 agus 20 Samhain.  

Fógraíodh chomh maith go mbeidh múinteoirí ón Tuaisceart agus ón Deisceart ag freastal ar an ócáid mar chuid de thogra nua comhoibrithe agus go mbeidh deis ag múinteoirí saineolas agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile ón dá dlinse.