Méid an Téacs

Samhail Nua Mhaoinithe diúltaithe 100%

Meán Fómhair 5, 2012

3,000 aighneacht i gcoinne na Samhla

Dé Luain na seachtaine seo, d’eisigh Foras na Gaeilge Tuarascáil Chríochnúil ón bpróiseas comhairliúcháin ar an tSamhail Nua Maoinithe (SNM), an plean maoinithe a bhí molta acu d’eagrais Ghaeilge. Níor chuir scríbhneoirí na tuarascála, Seirbhísí Pleanála Teanga, fiacail ann: sa phróiseas, dhiúltaigh beagnach achan ceann den 3,000 aighneacht don SNM. Thosaigh sin leis na heagrais: “Is léir ón aiseolas go bhfuil an earnáil, beagnach ina hiomláine, go mór in aghaidh na SNM.

“Deir ionadaithe agus baill ba n-eagras nach bhfuil siad in aghaidh athbhreithniú agus athstruchtúrú na hearnála ach go mbeadh aon athchoimriú bunaithe ar thorthaí taighde proifisiúnta bunaithe ar dhea-chleachtais na pleanála teanga seachas athstruchtúrú agus cónascadh mar a bheadh san earnáil ghnó phríobháideach.” Dheimhnigh an Tuarascáil go bhfuil fadhb leis an gcaidreamh idir na heagrais Ghaeilge agus an Foras: “Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil easpa muiníne sna próisis agus táthar den tuairim ná éisteadh lena gcuid tuairimí sa chéad dá bhabhta den phróiseas comhairliúcháin. Bhí an tuairim ag freagróirí sa babhta comhairliúcháin seo go raibh punann scéimeanna na SNM amháin le plé agus nach raibh aon mhalairt rogha eile ann… “Tá na freagróirí den tuairim nach dtuigeann foras na Gaeilge an obair a bhí ar bun acu, na sainscileanna atá acu, na ról, líon agus tábhacht na n-oibrithe deonach sna heagrais.”

Tá na fadhbanna maidir le caidreamh idir foras agus earnáil ag leanúint leo, dar leis an Tuarascáil. De bharr na staire eatarthu “ta easpa muiníne le brath sa phróiseas an uair seo agus nár leanadh an próiseas cuí sa chéad dá chomhairliúcháin agus dá bhrí sin nach rabhadar bailí.” Is léir, ach go háirithe, gur thug scríbhneoirí na tuarascála cluas éisteachta d’aighneachtaí a rinne eagrais ó Thuaidh. B’iad na heagrais Thuaisceartacha, ach go háirithe, a bhí buartha. Luaitear an difear idir an dá dhlínse sa tír. Luaitear aighneacht a rinne Iontaobhas Ultach, inar dúradh nár comhlíonadh próiseas cuí de réir treoirlínte an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Cuirtear san áireamh moltaí a rinne an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht, gur gá fostaíocht leanúnach le saintaithí na mball agus na bhfostaithe a choinneáil. San am céanna, deimhníonn an tuarascáil go bhfuil na heagrais bhunmhaoinithe sásta glacadh le hathrú, comhoibriú idir na heagrais san áireamh. Scríobh 16 den 19 eagras go hoscailte go raibh. Níor dhúirt ceann ar bith gur cheart do chúrsaí fanacht mar atá.

Cinnte, tá bóthar fada roimh an bhForas le scéim a bheidh inghlactha ag na heagrais a chur le chéile.

www.gaelsceal.ie