Méid an Téacs

Scéim Chónaithe TCD 2012-2013 oscailte

Bealtaine 11, 2012

An bhfuil tú ag súil le bheith ag freastal ar Choláiste na Tríonóide mí Mheán Fomhair seo chugainn?

Ar mhaith leat an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus í a chur chun cinn i measc phobal na hOllscoile?

Tá Oifig na Gaeilge Choláiste na Tríonóide ag glacadh le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí na chéad bhliana 2012-2013 le haghaidh 12 áit a líonadh.

Ní gá go mbeadh mic léinn na scéime ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge amháin, bíonn sé oscailte do mhic léinn atá a tabhairt faoi céimeanna eile, idir leigheas, dlí, an fhealsúnacht agus gnó. Fáiltítear roimh mhic léinn ó gach contae, Tuaisceart Éireann san áireamh.

Is éard atá i gceist le Scéim Chónaithe Dhartraí ná go ndíolfar deontais €1,000 le cur le costais chónaithe do mhic léinn na chéad bhliana ar choinníollacha áirithe.

Is iad sin ná go labhróidh na mic léinn Gaeilge ina saol laethúil san árasán ina bhfuil siad, go nglacfadh siad páirt ghníomhach in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne agus go gcomhlíonfar tuairiscí ag deireadh an chéad agus an dara téarma d’oifigeach na Gaeilge.

Bíonn sé de dhualgas ag mic léinn ar Scéim Chonaithe Dhartraí ócáidí éagsúla a eagrú leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc phobal Halla na Tríonóide, ar nós céilithe, turais, ciorcail chomhrá, tóraíocht taisce agus scóráil sciobhtha. Taistilíonn mic léinn na Scéime go hOireachtas na Gaeilge gach bliain chomh maith le bheith páirteach in imeachtaí Éigse na Tríonóide agus Seachtain Gaeilge an Choláiste.

Bhí an méid seo le rá ag Clár Johnson, iar-scoláire Scéim Chónaithe na Tríonóide faoina taithí féin:

“Mholfainn d’éinne a mbeadh an deis acu tabhairt faoin Scéim Chónaithe. Chuir sé go mór leis an taithí a bhí agam sa Choláiste, a bheith lonnaithe i saol na Gaeilge go buan. Tugann sé deis go háirithe do mhic léinn sa chéad bhliain a n-áit féin a bhunú sa suíomh is spreagúla agus is taitneamhaí sa Choláiste.”

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar fhoirm iarratais ar www.tcd.ie/gaeloifig.