Méid an Téacs

Scoileanna Cheatharlach cáilithe do Dhíospóireachtaí Réigiúnach Gael Linn!

Eanáir 21, 2014

Reachtáladh an dara babhta de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2014 an tseachtain seo caite agus bhí ceithre iarbhunscoil as Ceatharlach páirteach.

Bhí foirne ag Coláiste an Chnoic Bhig agus ag Coláiste na Toirbhirte in iomaíocht i gcomórtas na sóisear. Bhí Coláiste Leon Naofa agus Acadamh Naomh Muire i rannóg na sinsear. “Táimid ag gabháil thar fóir le caomhnú na timpeallachta in Éirinn” an rún a bhí ag na sóisir agus “Ba chóir deireadh iomlán a chur le híocaíochtaí dól do dhaoine faoi 25 bliain d’aois” a bhí faoi chaibidil ag na sinsir.

Bhí na moltóirí an-tógtha leis an gcaighdeán ard díospóireachta agus argóna agus ar deireadh fógraíodh foireann Acadamh Naomh Muire agus foireann Choláiste na Toirbhirte i measc na bhfoirne a bheidh ag dul ar aghaidh chuig an Chraobh Réigiúnach a reachtálfar roimh shos lár-théarma an earraigh. Comórtas náisiúnta is ea Díospóireacht an Phiarsaigh eagraithe gach bliain ag Gael Linn. ‘Sé príomhaidhm an chomórtais ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daltaí iarbhunscoile agus cabhrú leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna díospóireachta. Cuirtear tús leis an gcomórtas sa fómhar agus leantar le babhtaí go dtí Mí an Mhárta nuair a bhíonn Craobh na hÉireann ar siúl.

Molann Glór Cheatharlach na micléinn áitiúla go léir agus a múinteoirí as páirt a ghlacadh ins na díospóireachtaí agus guímid gach rath ar na foirne ins na babhtaí réigiúnach.

www.carlow-nationalist.ie