Méid an Téacs

Scoláireacht Uisce ar Do Ghuth

Meitheamh 13, 2013

Tá an clár raidió Do Ghuth, clár Chonradh na Gaeilge ar Galway Bay FM, ag teacht le chéile le Coláiste Uisce chun scoláireacht a chur ar fáil do chúrsa nua atá á eagrú ag Coláiste Uisce do dhéagóirí san aoisghrúpa 14 – 16 bliana d’aois.
Is cúrsa cinnireachta atá sa chúrsa nua, a bheidh ar siúl ón 31 Iúil – 14 Lúnasa. Tá Coláiste Uisce lonnaithe i dtuaisceart Mhaigh Eo agus eagraíonn siad cúrsaí samhraidh bunaithe ar eachtraí uisce. Ina iomlán is fiú €960 an scoláireacht seo, scoláireacht faoinár bhféidir le beirt chara freastal ar chúrsa ar leathphraghas. Chun cur isteach ar an gcomórtas níl le déanamh ach na focail Coláiste Uisce agus do shonraí teagmhála a chur chuig 087 0961661, uimhir théacs an clár Do Ghuth. Tá an cúrsa cinnireachta nua dírithe ar dhéagóirí na Gaeltachta mar aon le déagóirí le sár-chumas Gaeilge. Beidh na déagóirí ag glacadh páirte i seoltóireacht, clársheoltóireacht, cadhcáil, tonnmharcaíocht agus eile. Beidh oideachas forbartha pearsanta i gceist leis an gcúrsa seo freisin agus díreofar ach go háirithe ar scileanna cumarsáide agus ar na freagrachtaí atá ar phobal óige na Gaeltachta maidir le todhchaí na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolas le fáil ar an gclár Do Ghuth, clár a chraoltar gach oíche Mháirt ó 9.00 – 11.00i.n. ar Galway Bay FM nó ó www.colaisteuisce.ie Ní mór d’iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas don scoláireacht seo roimh Dé Domhnaigh seo chugainn, 16 Meitheamh.

www.advertiser.ie/galway