Méid an Téacs

Scrúduithe TEG 2015: DÁTAÍ & IONAID

Feabhra 11, 2015

Beidh Scrúduithe TEG 2015 ar siúl sna hionaid seo:

B2 18 Aibreán 2015*
An Spidéal
Páras

B1 9 Bealtaine 2015
Béal Feirste
Prág

A2 23 Bealtaine 2015
Caisleán an Bharraigh
Nua-Eabhrac

A1 6 Meitheamh 2015
Cill Airne
Ottawa
Cill Chainnigh
Corcaigh
Leitir Ceanainn
Luimneach
Má Nuad

*Glactar le Meánleibhéal 2 (B2) mar cheann de na critéir iontrála do chúrsaí sa bhunmhúinteoireacht sna coláistí Oideachais agus i gColáiste Hibernia.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ar scrúduithe TEG ná 20 Márta 2015. Cláraigh anseo.

Dírigh ar do chumas labhartha! PÁIRTCHREIDIÚINT AR FÁIL
Tá páirtchreidiúint ar fáil do dhaoine ar mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Mar sin, beidh dhá rogha ag iarrthóirí 2015:

• Scrúdú iomlán TEG a dhéanamh agus creidiúint iomlán a fháil;

• An scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirtchreidiúint a fháil.

Beidh foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpaí in ionaid ar fud na tíre. Cuir glaoch ar (01) 708 6417.

TEG & DALTAÍ MEÁNSCOILE
Is é an dáta deiridh d’iarratais ó scoileanna ná 20 Feabhra 2015. Tar éis an dáta seo cuir glaoch ar (01) 708 6417. Tuilleadh eolais anseo.