Scrúduithe TEG ar tháille €40 do dhaltaí sinsearacha ar fud na hÉireann
Lúnasa 6, 2015
A bhuí le COGG, is féidir le scoileanna ar fud na hÉireann daltaí sinsearacha a chur isteach ar scrúduithe TEG ar tháille €40 an dalta (laghdaithe ó €80) sa scoilbhliain 2015/16.
Seo deis iontach do dhaltaí díriú ar na scileanna teanga – léamhthuiscint, cluastuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt – agus cáilíocht Ghaeilge a bhaint amach chomh maith le taithí a fháil ar scrúdú foirmiúil a dhéanamh.
Tosóidh daltaí ag déanamh staidéir ar shiollabas TEG ag leibhéal cumais cuí ag deireadh Mheán Fómhair agus tabharfaidh siad faoi scrúduithe TEG sa scoil in Aibreán/Bealtaine 2016.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi TEG i meánscoileanna, cliceáil thíos:
http://www.teg.ie/nuacht/com%C3%B3rtas-speisialta-do-dhalta%C3%AD-me%C3%A1nscoile-.430.html