Seachtain na Gaeilge 2015 seolta i mBéal Feirste
Márta 3, 2015
Bhí lá mór ceiliúrtha i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn agus ‘Seachtain na Gaeilge’ á seoladh go hoifigiúil don chéad uair ariamh sna Sé Chontae. Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta achan bhliain, féile a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar sáile fosta.
Breathnaigh ar na himeachtaí a thit amach i mBéal Feirste anseo: www.meoneile.ie