Méid an Téacs

Seirbhís nuachta Gaeilge ‘Meon Eile’ Seolta

Iúil 10, 2012

Seoladh seirbhís nuachta ar líne ‘Meon Eile’ i mBéal Feirste le déanaí. Tá i gceist ag an tseirbhís scéalta nuachta, spóirt agus siamsaíochta  a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus do Ghaeilgeoirí i gcoitinne.

Is é cur chuige an tsuímh seo ná ardán ilmheáin a chur ar fáil trí Ghaeilge le cuidiú físeán, grianghraf agus scéalta rathúla a chlúdaíonn réimse leathan ábhar ar bhealach cruthaitheach.

Tá an suíomh á reáchtáil ag an gcomhlacht léiriúcháin ‘Below the Radar’ agus é faoi stiúir Shinéad Ingoldsby agus í tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag obair le BBC Tuaisceart Éireann.

“Tá an comhrá a bhíonn ar siúl ag cainteoirí Gaeilge ar líne ag fás i rith an ama agus tá súil againn go mbeidh scéalta Meon Eile ag cur leis an chomhrá sin.” a dúirt sí agus an suíomh á sheoladh”, a deir sí.

Tá triúr iriseoirí eile fostaithe ag meoneile.ie – Sarah de Búrca, a bhfuil seal caite aici ag obair sa rannóg scripte i Ros na Rún; Shane Ó Curraighín, iar-scoláire de chuid Fulbright le taithí sa seomra nuachta agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise ‘Nós’.

Tá rogha speisialta ar an suíomh a leagann na scéalta nuachta amach de réir na n-iriseoirí nó faoi na teidil ‘Cúrsaí Reatha’, ‘Ealaíon agus Cultúr’, ‘Spórt’, ‘Pobal’ agus tugtar deis chomh maith do bhaill sa phobal páirt a ghlacadh sa suíomh sa rannóg ‘Do Thuairim’.

Foilsithe ar Gaelport.com