Méid an Téacs

Siansa Gael Linn 2014

Deireadh Fómhair 24, 2013

Tá an dáta deiridh iontrála don chomórtas Siansa Gael Linn 2014, comórtas do ghrúpaí óga traidisiúnta, nach mór buailte linn agus tá go dtí Dé hAoine 8 Samhain ag grúpaí clárú don chomórtas.

Tá an comórtas seo á eagrú ag Gael Linn le tacaíocht ó Raidió na Gaeltachta, an Irish Music Magazine agus Foras na Gaeilge. Tá dul chun cinn mór déanta ag an gcomórtas seo agus é aitheanta anois mar cheann de phríomhchomórtais ceoil/amhránaíochta na tíre. Beidh an craobhchomórtas ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ar an Domhnach, 6 Aibreán 2014, áit a mbeidh ocht ngrúpa san iomaíocht do dhuaischiste €4,500.

Ní mór do na hiomaitheoirí ar fad a bheidh idir 12 – 19 bliana d’aois agus caithfidh go mbeidh idir cúigear agus ochtar ball i ngach grúpa. As na hiarrthóirí ar fad roghnófar 30 grúpa le bheith páirteach i sraith ceardlanna, ceardlanna a bheidh faoi stiúir ag na ceoltóirí iomráiteacha, Ciarán Ó Maonaigh agus Mary Bergin. Is iad Ciarán agus Mary, in éindí leis an gceoltóir Niamh Ní Charra a bheidh mar mholtóirí ar an gcomórtas freisin.

Is féidir gach eolas faoi Shiansa Gael Linn a fháil ar www.gael-linn.ie agus freisin is féidir féachaint ar na grúpaí a bhí páirteach i gcraobhchomórtas 2013.

www.advertiser.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 24 Deireadh Fómhair 2013

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha