Méid an Téacs

Slán le Foinse

Meán Fómhair 19, 2013

Tá pobal na Gaeilge fágtha gan nuachtán Gaeilge de shaghas ar bith leis an scéal nach mbeidh Foinse á chur i gcló feasta.

Ó Fhómhair na bliana 2009 bhí Foinse á fhoilsiú mar iatán san Irish Independent agus é ar fáil gach Céadaoin. Bunaíodh Foinse i dtús ama sa bhliain 1996 agus bhí teacht air go seachtainiúil go dtí gur tharraing Foras na Gaeilge an maoiniú a bhí á gcur ar fáil don nuachtán i samhradh na bliana 2009. Ag tús na bliana seo, ghlac Foras na Gaeilge cinneadh deireadh a chuir le maoiniú an nuachtán Gaelscéal, rud a chuir an nuachtán sin go tóin poill. Easpa díolacháin an chúis a thug an Foras le tarraingt siar an deontas agus deir an Foras gur thart ar 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine a bhí á dhíol ag an nuachtán sna siopaí. Tá Foras na Gaeilge i mbun taighde faoi thodhchaí na hearnála seo agus sraith chruinnithe eagraithe acu timpeall na tíre ach níl tuairisc ar bith faoi thoradh an taighde seo go fóill. Ní fios cén tionchar a bheidh ar an taighde seo ar an ráiteas a d’fhoilsigh an Foras i mí Feabhra seo caite inar léirigh siad gur mheasadar “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge.”

Pé scéal é, fágann seo ar fad go bhfuil pobal na Gaeilge fágtha gan nuachtán i nGaeilge agus go bhfuil ardán eile bainte d’iriseoirí na Gaeilge. Is bocht an scéal é freisin go bhfuil foireann nuachtán eile anois ar an dól. Déanann Lár Sráide comhbhrón le foireann Fhoinse agus tá súil nach fada go mbeidh siad ar ais arís ag plé le saol na meáin agus na Gaeilge.

www.advertiser.ie