Méid an Téacs

Sparánachtaí taighde ar fáil ó COGG

Feabhra 27, 2014

Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar lorg iarratais ó mhic léinn ag leibhéal dochtúireachta nó ó thaighdeoirí iardhochtúireachta ar mian leo taighde a dhéanamh ar Theagasc/Fhoghlaim na Gaeilge.

Ach glacfar freisin le hiarratais ar ábhair ábhartha eile a bhaineann leis an Ghaeilge. Ní bhaineann aon luach faoi leith le sparánacht ach d’fhéadfaí na cinn seo a bheith i gceist: sparánacht taistil, sparánacht foilsitheoireachta, sparánacht riaracháin, sparánacht táillí agus/nó costais bliana nó níos faide. Foghlaim Lena chois sin, fáilteoidh an chomhairle roimh iarratais ó dhaoine aonair, ó ghrúpaí, ó chomhlachtaí agus ó fhoilsitheoirí a bhfuil suim acu áiseanna a sholáthar a bhaineann le foghlaim/teagasc na Gaeilge nó trí Ghaeilge. Ní bhaineann aon luach faoi leith leis an maoiniú seo ach oiread. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm 19ú Márta, 2014. Eolas: www.cogg.ie

www.irishtimes.com