Méid an Téacs

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí i gCeatharlach i Mí an Mhárta

Feabhra 25, 2014

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí, le chéile an Satharn seo chugainn, 1ú Márta ag 11 a chlog ar maidin mar an chéad imeacht ar chlár Mhí an Mhárta, Féile na Gaeilge i gCeatharlach.

Tagann an grúpa SPRAOI le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobail Darach Úr, Ceatharlach. Bíonn tae agus caife ag na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach a bheith sásta triail a bhaint aisti! Tagann slua breá go dtí na hócáidí SPRAOI idir fhoghlaimeoirí agus cainteoirí agus tá formhór de na páisti idir bliain amháin agus ceithre bliana d’aois.

Baineann idir pháistí agus tuistí an-taitneamh as na seisiúin shóisialta seo. Spreagtar labhairt na Gaeilge agus is breá leis na páistí amhráin agus rímeanna beaga a chasadh trí Ghaeilge ag deireadh an tseisiúin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar, tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois. Tiocfaidh an grúpa le chéile dhá uair i rith Mhí an Mhárta- ag cur tús le Féile na Gaeilge i gCeatharlach ar an gcéad lá den mhí agus arís ar an 29ú Márta chun deireadh a chur leis an bhFéile. Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar 085/1340047. Bígí linn agus beidh fáilte roimh chách!

www.carlow-nationalist.ie