Méid an Téacs

Spraoicheist Gael Linn ag Éigse Cheatharlach

Bealtaine 23, 2012

Tá sé i gceist ag Gael Linn tráth na gceist boird trí Ghaeilge dar teideal Spraoicheist a eagrú do dhaltaí bunscoile i gCeatharlach le linn Féile na hÉigse ar an gCéadaoin, 13 Meitheamh ag 10.00r.n. Is i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc a tionólfar an ócáid.

Is é an aidhm atá le Spraoicheist ná a léiriú do na daltaí gur féidir leo píosa spraoi a bheith acu tré mheán na Gaeilge‚ fiú muna bhfuil siad líofa sa teanga.

Beidh 6 bhabhta ceisteanna san áireamh le 10 gceist i ngach babhta agus iad dírithe ar dhaltaí as na hardranganna. Míneofar gach ceist i nGaeilge shimplí agus cuirfear foclóir gearr ar fáil chun gur féidir na focail is deacra a mhíniú agus a mhúineadh roimhré.

Ceadófar do gach scoil suas le cúig fhoireann a iontráil agus bronnfar duais ar gach ball foirne den 4 fhoireann is airde marc. Tabharfar roinnt spotduaiseanna amach i rith na hócáide chomh maith.

Eagrófar ceolchoirm ghearr tar éis bronnadh na nduaiseanna agus tabharfar cuireadh do dhaltaí ó na scoileanna éagsúla  míreanna 5 nóiméad nó mar sin ar fhaid de cheol, amhráin Ghaeilge, rince srl a chur i láthair.

Tá litir eolais agus foirm iontrála seolta chuig príomhoidí scoileanna uile an cheantair. Má tá aon cheist is féidir glaoch ar Niamh in Gael Linn ag 01 6753303 nó oifig Ghlór Cheatharlach ag 085 1340047. Bí páirteach sa Spraoicheist i mbliana.

www.carlow-nationalist.ie