Méid an Téacs

Spraoicheist Gael Linn i gCeatharlach

Meitheamh 20, 2012

Reachtáileadh ócáid an-speisialta trí Ghaeilge i gCeatharlach le déanaí do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.

Spraoicheist na hÉigse a bhí ann, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlach trí fhoireann is daichead páirt sa Spraoicheist agus dob é sin an slua ba mhó riamh don ócáid bhliantúil. Bhí halla spóirt na Gaelscoile lán go béal don ócáid.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó thrí scoil déag. Bhíodar ann ó Ghleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Beann na gCaorach, Tigh an Raoireann, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Mhuinebheag, Gaelscoil Átha Í, Scoil Naomh Fiacc agud Díseart Diarmada, Scoil na Gráinsí, Scoil Bhuachaillí an Teaghlaigh Naofa agus Scoil Mhuire gan Smál.

Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach. Bhí foirne ó Scoil Bhríd Mhuinebheag agus Tigh an Raoireann ar chomhscór don cheathrú háit agus bhain trí fhoireann ó Ghaelscoil Cheatharlach na céad áiteanna amach. Bronnadh duaiseanna agus plaiceanna Gael Linn ar na foirne buachach.

Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir na daltaí ó Ghaelscoil Átha Í, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Gleann Uisean , Scoil Mhuire gan Smál agus Gaelscoil Cheatharlach taispeántas ceoil, damhsa ags amhránaíochta i láthair. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist Gael Linn atá anois mar cheann de phríomh imeachtaí na mbunscoileanna ar chlár Fhéile na hÉigse i gCeatharlach.

http://www.carlow-nationalist.ie/

CARLOW NATIONALIST