Spreagadh an chéad ghlúin eile
Deireadh Fómhair 24, 2013
Beidh Micheál Ó Foighill, Bainisteoir Choláiste Lurgan, a bhfuil cáil báine amach aige de bharr éachtaí an Choláiste sin ar Youtube, i measc na gcainteoirí a bheidh le cloisteáil ag Seimineár Chonradh na Gaeilge ag Oireachtas na bliana seo i gCill Airne.
Réabhlóid Nua na Gaeilge – An Chéad Ghlúin Eile a Spreagadh atá mar theideal ar an seimineár a bheidh ar siúl san Óstán Brehon, Cill Airne, Dé Sathairn, 3 Samhain. I measc na gcainteoirí eile tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4, Aodhán Ó Deá a bheidh ag tarraingt ar a thaithí le mic léinn Ollscoile agus Traic Ó Braonáin a bheidh ag trácht ar bhunú an stáisiúin Raidió Rí-Rá BEO. Is é Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an seimineár.
Le tamall de bhlianta anuas bíonn tarraingt mhór ar sheimineár an Chonartha ag an Oireachtas agus arís i mbliana táthar ag iarraidh ar lucht an Oireachtais ról gníomhach a ghlacadh sa phlé agus a gcuid tuairimí i leith Réabhlóid Nua na Gaeilge a nochtadh le linn an tseimineáir. Cuirfear tús leis an gcaint ag 11.00am agus seolfar cúrsa Rith 2014, rás sealaíochta ar son na Gaeilge, ina diaidh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó seiminear@cnag.ie; 01 4757401; www.cnag.ie.
www.advertiser.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 24 Deireadh Fómhair 2013
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha