Méid an Téacs

Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014

Eanáir 15, 2014

Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don chomórtas náisiúnta chun Amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 ag druidim linn.

Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nuachumtha. Glacfar le hamhráin thraidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre agus amhráin rac-cheilteach ar dhlúthdhioscaí suas go 5.00i.n. ar an 31ú Eanair 2014. Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a reachtáilfear san Ostán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 8ú Márta. Beidh painéal de mholtóirí aitheanta i mbun moltóireachta agus bronnfar €1,000 ar an mbuaiteoir. Déanfaidh IMRO urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn. Beidh an t-amhrán a roghnófar in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 a bheidh ar siúl um Cháisc i nDoire.

Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17 mbliana d’aois ar an oíche chéanna. Mar sin cuirfear fáilte roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonair agus ó ghrúpaí ceoil óga agus beidh €200 chomh maith le trófaí le buachaint. Tá rialacha agus foirm iarratais ar an suíomh greasáin www.panceltic.ie. Glór Cheatharlach atá ag eagrú an chomórtais náisiúnta agus tá gach eolas ar fáil ach glaoch a chur ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 085/1340047, 087/2857048, 059 9158105 nó is féidir scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie . An seoladh do dhlúthdhioscaí agus iarratais roimh 5.00i.n. ar 31ú Eanair ná An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.

www.carlow-nationalist.ie