Suirbhé ar Mheon an Phobail i Leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais
Feabhra 10, 2011
Chinn roinnt eagraíochtaí Gaeloideachais, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tabhairt faoi shuirbhé a léireodh meon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile i mí Iúil 2010. D’eascair an suirbhé seo as imní na n-eagraíochtaí faoi mholtaí Fhine Gael chun ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta.
Bhí léargas á lorg ar an tacaíocht atá ann don Ghaeilge i measc an phobail agus ar an tábhacht a bhraitheann daoine a bhaineann léi do dhaoine óga an lae inniu. Chuir Ipsos MRBI agallamh ar 1,000 duine a bhí os cionn 15 bliana d’aois maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge mar ábhar éigeantach Ardteiste, ach go háirithe. Rinneadh an taighde seo thar an nguthán agus cuireadh agallamh ar dhaoine ó aoisghrúpaí, gairmeacha, ceantair agus stádais éagsúla. Ba mhná 51% agus ba fhir 49% agus cuireadh sé cheist ar gach rannpháirtí.
Is iad seo príomhthorthaí an tsuirbhé:
- Mheas 57% de na rannpháirtithe go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge. Bhí 19% idir dhá chomhairle agus dúirt 23% nach bhfuil sé tábhachtach. I measc an aoisghrúpa 25-34 bliana d’aois mheas 69% go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge. (Ceist 3)
- Mheas 54% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste i gcomparáid le 20% go leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus 18% go leibhéal na bunscoile. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil an tromlach i bhfabhar go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – aois Ardteiste agus go luath ina dhiaidh – mheas 61% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste. (Ceist 4)
- Mheas 65% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna le páistí a spreagadh leis an teanga a úsáid níos minice. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – mheas 79% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge i mbunscoileanna. (Ceist 5)
- I gceist eile faoin Ardteist, dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Bhí cuid mhaith i bhfabhar seo ar chúiseanna a bhaineann lenar n-oidhreacht agus lenar gcultúr a chaomhnú chomh maith le stádas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois, mheas 65% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste.
- Mheas 26% de na daoine a bhraitheann nár chóir di a bheith éigeantach gur chóir go mbeadh rogha ag daltaí ábhair a roghnú tar éis an Teastais Shóisearaigh agus bhraith 19% go bhfuil an Ghaeilge deacair mar ábhar. Bhraith 22% eile ach buntáiste é an Ghaeilge a bheith agat. (Ceist 6)
Táthar ag iarraidh ar Fhine Gael athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí an pháirtí maidir le stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteiste. Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an bpolasaí seo ar chúrsaí fostaíochta, ar gach leibhéal den chóras oideachais agus ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo go bhfuil tacaíocht ann don Ghaeilge, go háirithe i measc daoine idir 15 – 34 bliana d’aois agus go bhfuil an tromlach ag tacú leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Is fianaise na torthaí seo nach bhfuil an pobal ag tacú le polasaí Fhine Gael agus go dtuigeann siad an baol a bheadh ina leithéid de pholasaí don teanga.
Iarrtar ar an bpobal labhairt leis na hiarrthóirí toghcháin áitiúla agus an t-éileamh seo a chur faoina mbráid agus iad ag lorg vóta. Chomh maith leis sin, is féidir tacú leis an bhfeachtas trí achainí ar-líne a shíniú ar www.petitiononline.com/gaeilge/.