Méid an Téacs

Tá cuidiú ar fáil

Deireadh Fómhair 1, 2013

Sa sean-am, bhí sé iontach doiligh Gaeilge a fhoghlaim. Bhí sean-leabhar leadránach agat agus b’fhéidir go raibh sean-mhúinteoir leadránach agat fosta, i seomra ranga gruama.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Tá réimse leathan téacsleabhar ann anois – tá siad tarraingteach agus tá cuma nua-aimseartha orthu. Ach níor tháinig an téacsleabhar foirfe amach go fóill – ní raibh an t-am agam. Ach chomh maith le téacsleabhair, tá áiseanna tacaíochta ann- áiseanna Idirlín go háirithe. Bíonn feabhas ag teacht ar an ábhar Idirlín an t-am ar fad, agus mar sin de ní dhéanann sé dochar cuid de na suímh a lua arís. Níl an leagan clóite de Foinse ar fáil níos mó , ach tá Foinse ag dul ar aghaidh lena sheirbhís nuachta laethúil ar an Ghréasán. Tá an tseirbhís dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge agus tugtar achoimre de gach scéal i mBéarla. Áis iontach atá ann. (foinse.ie) Foilsíonn Nuacht1.com píosaí as na nuachtáin i nGaeilge. Tá fuinneoga ar an suíomh agus is féidir teacht ar suímh eile tríothu – Beo, Foinse, Gaelport, Meon eile, Nós, Nuacht24, agus Treibh ina measc.Téigh go bun an leathanach baile agus gheobhaidh tú níos mó ná céad amhrán de gach sórt – amhráin thraidisiúnta, amhráin do pháistí, sean- nós, popcheol.

Gúgáil RTÉ Gaeilge le sonraí a fháil de chláracha Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus TG4. Gúgáil BBC Irish, agus gheobhaidh tú eolas ar ábhar d’achan duine ó fhoghlaimeoir glas go cainteoir líofa. Tá ceachtanna simplí ann le múinteoir áitiúíl, Fearghal Mag Uiginn. Agus tá na cluichí ríomhaire ar fheabhas! Is páiste mór mé tar éis an tsaoil. Tá seirbhís nuachta agus eolais Gaelport an-tábhachtach ag an am seo go speisialta, nuair atá an nuachtán Foinse ar shiúl. Agus mura mbaintear úsáid as na suímh Idirlín caillfidh muid cuid mhaith acu fosta. Mar fhocal scoir, bheadh leabhrán le liosta d’áiseanna idirlín an-úsáideach. Tionscnamh beag don Fhoras?

Ranganna: Beidh ranganna ar siúil i Halla Mhuire, Magh, gach Máirt, ó 5.30 go 7.00. Tá fáilte roimh achan duine. Gach eolas ón Áisionad, (00353)74 93 84572.

www.derryjournal.com