Méid an Téacs

Tabhair Aird!

Deireadh Fómhair 8, 2010

Todhchaí na Gaeilge á plé i mBÁC – ach ní raibh an tAire i láthair
Bhí os cionn 65 polaiteoir i láthair ag lá eolais a reáchtáil Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, chomh maith le neart daoine eile ó gach cearn den tír.

Aidhm an lae eolais ná brú a chur ar pholaiteoirí glacadh leis na moltaí ar fad a mhol an Comhchoiste Oireachtais don Straitéis 20 bliain, agus iad a chur ar an eolas faoi na moltaí agus céard go díreach a bhí i gceist.

Freisin, bhí se i gceist aird a tharraingt ar na ciorruithe ollmhóra atá beartaithe ag an rialtas do Roinn na Gaeltachta, i mbliana agus gach bliain as seo amach.
I measc na bpolaiteoirí bhí Enda Kenny, Caoimhín Ó Caoláin, Piaras Ó Dochartaigh, Michael D Higgins, Trevor Sargent, Frank Feighan agus go leor eile.

Bhí go leor grúpaí pobail ó na Gaeltachtaí i láthair freisin, cosúil leis na comharchumainn agus cumainn trádála, agus ar ndóigh bhí lucht an oideachais ann, cosúil le Muireann Ní Mhóráin as COGG, Seán Ó hAdhmaill as Forbairt Naíonraí Teoranta agus Aodhán Ó Dea, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn, atá ag plé le hoideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal ar fud na tíre i mbliana.

Ní hamháin sin ach bhí mic léinn agus daoine óga ann i rith an lae ar fad agus meascán iontach de dhaoine ó gach aoisghrúpa ag iarraidh a bheith ann.
“Caithfidh na hacmhainní a bheith ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun an Straitéis a chur i bhfeidhm,” a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

“Faoi láthair, tá an Roinn Airgeadais ag iarraidh buiséad Roinn na Gaeltachta a laghdú ó €105 milliún mar atá sé faoi láthair go dtí €30 milliún faoi 2016. Is cinnte má tharlaíonn sé sin nach mbeidh Roinn ná Údarás ann mar nach mbeidh a ndóthain airgid acu chun aon rud a dhéanamh.
Táimid ag iarraidh cur ina aghaidh sin agus táimid ag iarraidh go mbeidh na polaiteoirí sásta dul ar ais go dtí an Dáil agus é sin a throid.”

Ó thaobh na bpolaiteoirí de, deir an tUasal de Spáinn go ndearna Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta an-chuid stocaireachta orthu i rith na bliana, agus go raibh tuiscint i bhfad níos fearr ag formhór acu anois ar chás na Gaeilge agus ar an bhfeachtas atá ar bun faoi láthair.

“Ceapaim go dtuigeann na polaiteoirí céard atá á rá againn agus go bhfuil siad taobh thiar den Ghaeilge agus den Ghaeltacht. Bhí iontas ar go leor acu nuair a mhínigh muid dóibh faoi na ciorruithe ollmhóra atá beartaithe do Roinn na Gaeltachta. Táimid muiníneach go rachaidh siad ar ais go dtí an Dáil anois chun an cheist a phlé,” ar sé.
“Ní hé nach bhfuil an rialtas taobh thiar den Ghaeilge. Tá, is iad atá ag cur na straitéise le chéile, ach tá an chuma air nach bhfuil siad ag labhairt leis an Roinn Airgeadais. Caithfidh an dá roinn teacht le chéile.”

Ní raibh an tAire Gaeltachta Pat Carey i láthair ar an lá mar gheall ar chruinnithe réamhshocraithe, ach deir de Spáinn go mbíonn cumarsáid rialta eatarthu agus go mbíonn siad ag bualadh le chéile go rialta.
“Níl imní orainn, ar bhealach áirithe, maidir le cé a bheidh sa chéad rialtas eile,” a deir de Spáinn. “Tá tacaíocht traspháirtí ann do na moltaí ar fad, agus d’fhéadfá a rá go bhfuil siad go léir tar éis ceannach isteach sa rud. As seo amach, beimid ag leanacht ar aghaidh le stocaireacht ar pholaiteoirí áirithe. Chomh maith leis sin, beimid ag coinneáil brú ar na comhchoistí Dála éagsúla, mar shampla táimid ag iarraidh aitheantas Gaelscolaíochta a phlé leis an gcomhchoiste oideachais.”

Bhí Cathaoirleach Choiste Bunaithe Ghaelscoil Rath Tó i láthair agus í ag labhairt leis na polaiteoirí, agus ag iarraidh tuiscint a thabhairt dóibh ar chás na scoile. Deis iontach a bhí ann don phobal i gcoitinne bualadh le polaiteoirí a raibh ceisteanna acu dóibh nó a raibh siad ag iarraidh nithe áirithe a phlé leo.

Deir Aengus Ó Snodaigh as Sinn Féin gur “feachtas iontach” atá ar bun.
“Tá sé go maith go bhfuil Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile tar éis tarraingt le chéile agus a chur ina luí ar pholaiteoirí cé chomh práinneach is atá sé bogadh anois ó thaobh na Gaeilge de. Tá Straitéis ann agus an príomhrud anois ná go mbeadh gníomh ann. Ní fiú caint faoi,” ar sé.
“An rud eile ó thaobh mo pháirtí féin de ná nár cheart go mbeadh aon chiorruithe ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht nó aon áit sa tír. Táimid tar éis cíoradh a dhéanamh ar gach rud a thagann ón Roinn Airgeadais go dtí seo agus is féidir teacht ar an airgead sin gan ciorruithe a dhéanamh.”

Deir sé go bhforbródh Sinn Féin pacáiste stimulus a bheadh ag cruthú postanna sa tír, ach go háirithe i gceantair Ghaeltachta.
“Ansin tá tú ag infheistiú sa cheantar sin agus tiocfaidh an t-airgead ar ais ó thaobh an córas cánach mar bheadh daoine ag obair, ní bheadh siad ar an gcóras dól, agus bheadh beocht nua i gceantair Ghaeltachta. Ansin is féidir an chuid eile den straitéis a thógáil ar an mbeocht nua sin sna ceantair Ghaeltachta. Aontaím leis na moltaí go léir,” ar sé.
Creideann sé gur cheart go mbeadh Aire Gaeilge ann in áit Aire Gaeltachta, agus faoi sin ba cheart go mbeadh dualgaisí don Ghaeltacht air siúd.
“Sin a bhí ann nuair a bunaíodh an stát. Ar an mbealach sin, bheadh sé i gceannas ar pholasaí iomlán i dtaobh na Gaeilge de, ní díreach sa Ghaeltacht,” ar sé.

Bhí an lá eolais ar siúl ó 8 ar maidin go 6 sa tráthnóna agus bhí daoine isteach agus amach ón óstán i rith an lae ar fad.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
08 Deireadh Fómhair 2010