Méid an Téacs

Tacaíocht do Ghaelscoil Ráth Tó

Bealtaine 6, 2010

Tá sé fógartha ag cúig eagraíocht Gaeilge go bhfuil siad ag teacht le chéile i gcomhfhiontar chun tacú le Gaelscoil nuabhunaithe. D’fhógair Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna go bhfuil siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste bunaithe Gaelscoil Ráth Tó.

Beidh an feachtas seo, ‘Aitheantas’ ag obair lámh i lámh lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus  go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an gaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. Dhiúltaigh an Roinn Oideachas agus Scileanna aitheantas a bhronnadh ar an scoil i mbliana cé go bhfuil sé ráite ag an Roinn go bhfuil gá le soláthar oideachas breise ar an mbaile. Tá an Roinn ag déanamh neamhairde ar mhianta thuismitheoirí Ráth Tó agus neamhaird ar an éileamh d’oideachas lánGhaeilge.

Ag labhairt faoin bhfeachtas seo dúirt Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, gur “cheist náisiúnta agus áitiúil atá sa diúltú seo. Níor osclóidh Gaelscoil nua ó 2008. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn sásta an Ghaeilge a aithint mar chuid den mheasúnú ar sholáthar oideachas.”

D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht agus é ag rá “ tá an-obair romhainn ag cinntiú go mbeidh gaelscolaíocht ar fáil do phobal Ráth Tó agus thug seasamh phobal na Gaeilge  spreagadh ollmhór do na tuismitheoirí.”

Tá sé beartaithe ag na heagraíochtaí gach tacaíocht a thabhairt do phobal Ráth Tó agus iad ag troid ar son chearta tuismitheoirí freastal mar ba chóir a fháil ón Roinn.

Osclóidh Gaelscoil Ráth Tó, gan aitheantas, ar 1 Meán Fómhair i CLG Ráth Tó, Páirc Seán Eiffe, Ráth Tó, Co. na Mí.

Galway Advertiser
6 Bealtaine 2010