Méid an Téacs

Tacaíocht léirithe ag Laochra Spóirt do Ghaelscoil Ráth Tó

Iúil 27, 2010

Rinne laochra spóirt áitiúla agus idirnáisiúnta cuairt ar Ghaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí, Dé Céadaoin seo caite ar lá oscailte do thuismitheoirí.

Ar an oíche bhailigh muintir na háite, tuismitheoirí agus daoine eile atá ag glacadh páirte sa fheachtas le chéile sa seomra ranga nua ina bhfuiltear ag súil an chéad rang a chur ar siúl ann ar an 30 Lúnasa.

Beidh an ghaelscoil ag oscailt a doirse gan aitheantas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ach bhí áthas ag an slua a bhí i láthair gur éirigh le hiarrachtaí an fheachtais ionad sealadach a chur ar fáil do na scoláirí óga agus gur éirigh leo múinteoir a fhostú chomh maith.

Níor ceadaíodh aitheantas don ghaelscoil in ainneoin éileamh an mhór léirithe do ghaelscoil nua sa cheantar.

Ar na laochra spóirt a léirigh tacaíocht don scoil bhí Bernard Dunne, an dornálaí; Patrick O’Rourke agus Caoimhín King, peileadóirí agus Barry Geraghty, a mbeidh iníon leis ag freastal ar an scoil nuair a osclaíonn sí.

Deir Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. “go léiríonn an tacaíocht atá ann don choiste bunaithe ó phobal na háite, agus ón bpobal i gcoitinne go bhfeictear riachtanas mór do ghaelscoil sa cheantar chun freastal ar éileamh d’oideachas lán-Ghaeilge.”
Anuas air sin, léirigh na heagraíochtaí atá ag tacú leis an bhfeachtas ‘Aitheantas’ áthas go bhfuil an seomra ranga nua  ullamh don chéad téarma scoile.

Mar chuid den fheachtas sin  tá Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus An Foras Pátrúnachta ag comhoibriú ar mhodhanna éagsúla chun airgead a thiomsú don scoil.