Méid an Téacs

Taighde ar shealbhú na Gaeilge i measc daoine óga

Lúnasa 2, 2011

Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) sásta scoláireacht a mhaoiniú do iar-chéimí Síceolaíochta chun dochtúireacht i Scoil na Síceolaíochta UCD a dhéanamh faoi stiúradh an Dr. Tina Hickey.

€15,000 per annum atá i gceist, ach ní mór táillí a íoc as sin. Bheadh an mac léinn seo i dteideal cur isteach (ag pointí áírithe i rith an staidéir) ar obair mar Tutor/Demonstrator i Scoil na Síceolaíochta UCD,  obair a thugann lacáiste ar na táillí.

Critéir riachtanacha:
1.    Céim Onóireach sa tSíceolaíocht (1 nó 2.1) nó Máistreacht
2.    Gaeilge líofa (labhairt agus scríobh na Gaeilge a bheith líofa agus cruinn) chomh maith le hardchumas (scríofa agus labhartha) i mBéarla
3.    Taithí le SPSS chun anailís a dhéanamh ar sonraí agus leibhéal ard inniúlachta le ríomhairí.

Chabhródh sé dá mbeadh staidéar déanta mar chuid den chéim ar shealbhú teanga, agus dá mbeadh taithí ag an mac léinn trialacha a chur ar pháistí óga, chomh maith le tuiscint éigin aige/aici ar shoctheangeolaíocht na Gaeltachta.

Tabharfar túsáite dóibh siúd le hard-cháilíochtaí oideachais agus ardchumas sa Ghaeilge.

An Staidéar:  Na Meánchéimeanna i bhForbairt na Gaeilge

Taispeánann taighde idirnáisiúnta an achar a ghlacann sé chun smacht iomlán a fháil ar ghnéithe áirithe de theanga, agus scrúdóidh an tionscnamh seo na meánchéimeanna i bhforbairt na Gaeilge i measc páistí líofa (aonteangaigh agus dátheangaigh) idir 7-11 mbliana d’aois. Beidh ar an té a cheapfar léirbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht thrastheangeolaíoch faoi shealbhú teanga, trialacha a chumadh ar ghnéithe áirithe de mhorfeolaíocht na Gaeilge, na trialacha sin a chur ar pháistí agus ar daoine fásta, anailís a dhéanamh ar na sonraí le SPSS, agus na torthaí a mheas i gcomhtéacs na litríochta idirnáisiúnta agus i gcomhthéacs sochtheangeolaíoch reatha na Gaeilge.

Cabhróidh iniúchadh ar na gnéithe seo le tuiscint níos fearr a fháil ar ghnáthphátrúin forbartha gnéithe níos casta den teanga do pháistí in aoiseanna éagsúla agus ó chúlraí teanga éagsúla.

Iarratais: Ba cheart d’iarratas a chur chuig  tina.hickey@ucd.ie mar chomhad amháin (i Word) agus é a bheith sábháilte faoi DoShloinneAinmCOGG.doc  Sa chomhad amháin sin ba cheart go mbeadh:

1.    CV suas chun dáta, agus eolas ann faoi na cúrsaí a rinne tú sa chéim, agus na grádanna a fuair tú. Bí cinnte go bhfuil seoltaí ríomhphoist agus uimhir fóin ann do bheirt mholtóir.
2.    Litir as Gaeilge ag cur síos ar chonas a fhreagraíonn do chuid cháilíochta/taithí leis na tréithe agus cáilíochtaí atá de dhíth.

Ní mór d’iarratas a bheith istigh faoi 6 i.n. 10 Lúnasa.

Foilsithe ar Gaelport.com 28 Iúil 2011