Méid an Téacs

Titeann an tua ar 13 eagraíocht

Eanáir 23, 2014

Tá 13 eagraíocht Ghaeilge ag imeacht ar shlí na fírinne i ndiaidh d’Foras na Gaeilge “ré úr i bhforbairt na Gaeilge” a fhógairt.

Ach tá roinnt daoine ar buille go mbeidh cuid de na Gaeilgeoirí is díograisí gan phost. Bheartaigh an Foras sé “cheanneagraíocht a chruthú in áit na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí á maoiniú aige ar bhonn bliantúil. Anois, is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uileoileáin. Beidh buiséad “suntasach” ar fáil ó Fhoras na Gaeilge ag na ceanneagraíochtaí ar bhonn bliantúil le tabhairt faoina bpleananna oibre i gcomhar le chéile ach ní fios fós cén bhuiséad atá i gceist.

Ach measann bunadh an Tuaiscirt nach bhfuair siad cothrom na Féinne. Cúpla lá i ndiaidh Comhairle na hEorpa cáineadh géar a dhéanamh ar na húdaráis ó thuaidh as na faillí atá déanta acu i leith na Gaeilge, ní bheidh ceanneagraíocht ar bith lonnaithe sna Sé Chontae. Dúirt foinse: “Cé a dhéanfaidh freastal ar na saincheisteanna a bhaineann le Gaeil an Tuaiscirt agus cé a chuideoidh le forbairt a dhéanamh ar líon na bProtastúnach atá ag foghlaim Gaeilge, mura bhfuil an tIontaobhas Ultach ann?

Brú
“Cé a chuirfidh brú ar Stormont agus ar Westminster faoi Acht Gaeilge a thabhairt isteach mura bhfuil Pobal ann?” San idirlinn, tiocfaidh ceannasaithe na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe i gceann a chéile le comhaontú a dhéanamh ar phleananna oibre. Deir an Foras go mbunófar Fóram Forbartha Teanga “le guth a thabhairt do phobal na Gaeilge i bpleananna a bheidh á mbeartú agus le deis a thabhairt d’ionadaithe ó phobal na Gaeilge aiseolas a thabhairt.”

www.independent.ie