Méid an Téacs

Tógáil páistí le Gaeilge le plé ag Tóstal

Eanáir 23, 2013

Déanfar ple ar thógáil páistí le Gaeilge ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo chugainn.
Beidh an ócáid atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar siúl in Óstán Hilton i mBaile Átha Cliath 2, Dé Sathairn, 16 Feabhra, ó 9.30 – 5.00in. “Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bheidh mar theideal ar an gcéad seisiún plé. Labhróidh Feargal Ó Cuilinn ó Chomhluadar, Dr Briain Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóír sa Phleanáil Teanga le OÉG agus Sorcha Ní Chéilleachair, Cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta – Conamara, le linn na díospóireachta. Déanfar plé ar “An Ghaeltacht in 2013” sa dara seisiún leis na haoichainteoirí: Seosamh Mac Donncha, OÉG, Stiofán Ó Cualáin, Údarás na Gaeltachta; Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; mar aon le hionadaí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Beidh plé ar “Tionchar Bheartais an Rialtais ar an nGaeilge” agus “Freagrachtaí na Stát i leith thodhchaí na teanga” ina dhiadh sin.

www.gaelsceal.ie