Méid an Téacs

Trí Ghaelcholáiste nua ar an bhealach

Lúnasa 15, 2011

D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeadh trí Ghaelcholáiste nua ag oscailt in 2014 ach tá roinnt ceantar fós ag lorg Gaelcholáistí, go háirithe Maigh Nuad agus Droichead Átha.

Cé go bhfuil sé ráite ag an Roinn go bhfuil a fhios acu go bhfuil Gaelcholáistí ag teastáil sna ceantair seo, tá imní ar Ghaelscoileanna Teo. nach bhfaighidh siad na scoileanna seo roimh 2014. Tá coistí ag obair i Maigh Nuad ó bhí 2005 ann agus i nDroichead Átha ó 2009 chun Gaelcholáistí a fháil. Tá Gaelscoileanna Teo. ag lorg cruinniú leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an cheist seo a phlé. I Maigh Nuad, táthar ag obair le Coiste Gairmoideachais Chill Dara chun an Gaelcholáiste a fháil. Tá plean acu bunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú agus a chur ar an gcampas céanna. Deir Máirín Ní Chéileachair ón gcoiste go bhfuil siad ag súil le go mbeadh 1000 dalta sa mheánscoil agus thart ar 500 sa bhunscoil. “Rinneamar an-chuid taighde ar an éileamh ar na scoileanna seo agus tá 90% de na tuismitheoirí ó Chill Choca, Dún Búinne agus Maigh Nuad, ar labhraíomar leo, sásta a bpáistí a sheoladh chuig an nGaelcholáiste seo,” a dúirt Máirín.

Gaelscéal – Katie McGreal