Méid an Téacs

Troid ar son chearta teanga

Nollaig 12, 2013

Tá sé fógartha ag Conradh na Gaeilge go mbeidh cruinniú poiblí á eagrú acu i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn 11 Eanáir chun deis a thabhairt don phobal a mhíshásamh a chur in iúl don rialtas faoina faillí atá á imirt acu ar an nGaeilge.

Dar le Conradh na Gaeilge go léiríonn cinneadh an Coimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin éirí as oifig, de bharr easpa tacaíochta ón Rialtas agus ón gcóras stáit, an ghéarchéim atá ann don Ghaeilge faoi láthair. Ag an gcruinniú poiblí i mí Eanáir beidh cúig éileamh á chur chun cinn ag Conradh na Gaeilge: Cosaint phost an Coimisinéir teanga mar chuid d’Acht Teanga láidrithe; Atheagar iomlán a chur ar pholasaí earcaíochta an stáit le go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 30% de státseirbhísigh nua; Deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach; Struchtúr a bhunú mar chuid de Phlean 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge chun guth a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; Dáta a fhógairt do spriocdháta faoina mbeidh seirbhís á chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.

Tá méadú i gcónaí ar fhearg phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le Fine Gael agus Páirtí an Lucht oibre mar thoradh ar chinneadh an Coimisinéir Teanga éirí as oifig. Tá dearcadh forleathan ann anois go bhfuil sé mar aidhm ag an dá pháirtí, agus an córas stáit trí chéile, ionsaí a dhéanamh ar na cearta ar fad a baineadh amach don Ghaeilge sa tréimhse sular tháinig an Comhrialtas seo i gcumhacht.

www.advertiser.ie