Méid an Téacs

Tuairimí éagsúla ann faoi chruinniú ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’

Samhain 5, 2015

Tá tuairimí éagsúla nochtaithe ag roinnt daoine in earnáil an oideachais faoin gcruinniú atá eagraithe ag an mbrúghrúpa nua ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’. Is é téama an chruinnithe, a bheidh ar siúl i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige, ná ‘Na Buntáistí a Bheadh leis an Meánscolaíocht Lán-Ghaeilge do Chonamara’.

Pléifear ag an gcruinniú Dé Sathairn na buntáistí a bhainfeadh le múnla an Ghaelcholáiste a thabhairt isteach i nGaeltacht Chonamara.

Ach tá amhras léirithe ag Peadar Ó Sé, príomhoide Choláiste Cholmcille in Indreabhán, faoin oiriúnacht an mhúnla chéanna don Ghaeltacht.

“Is í an cheist atá le freagairt ná, céard é Gaelcholáiste? Céard í an teoiric [atá] taobh thiar di. Tá muid den tuairim go bhfuil oideachas ar ardchaighdeán á chur ar fáil trí Ghaeilge atá ar ardchaighdeán. Molaim agus fáiltím roimh aon rud a thacódh leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus roimh aon ghrúpa atá in ann a chur leis sin.

“Ach bheadh na dúshláin cheannann chéanna roimh Ghaelcholáiste is a atá roimh scoileanna Gaeltachta faoi láthair. Ní féidir an Ghaeilge, nó caighdeán ard Gaeilge, a bheith mar riachtanas iontrála in aon scoil sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di. Tá muid ag freastal ar phobal áitiúil, pobal a bhfuil caighdeáin éagsúla Ghaeilge ag na gasúir, cuid acu a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá inimircigh againn agus gasúir lánúineacha atá ar bheagán Gaeilge. Tá na múinteoirí sa Ghaeltacht chomh hinniúil céanna is atá i nGaelcholáistí,” a dúirt Ó Sé le Tuairisc.ie.

Dúirt Darach Ó Scolaí, Oifigeach Caidrimh Phoiblí leis an ngrúpa Méanscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara, le Tuairisc.ie, nach bhfuil aon chinnteacht ann faoin toradh a bheidh ar an gcruinniú ach go mbeidh le feiceáil ar an Satharn céard go díreach atá ó phobal na Gaeltachta.

“Níl aon locht againn ar scoileanna Gaeltachta ná ar mhúinteoirí na Gaeltachta. Is í an fhadhb ná an córas. Tá locht againn ar an gcóras oideachais sa Ghaeltacht. Den chéad uair ó bunaíodh an stát, tá an Roinn Oideachais ag tabhairt aitheantais don chainteoir dúchais. Tá sí ag rá go raibh sí faillíoch air ó ní raibh tagairt ann dó roimhe seo. Ach le sé mhí anuas, tá an Roinn á aithint.

“Cuireadh na moltaí oideachais Gaeltachta thart i gcúrsaíocht, agus de réir na moltaí sin, tá sainmhíniú de dhíth ar scoil Ghaeltachta. Go dtí seo, chuile scoil ó Bhearna go Carna, ba scoil Ghaeltachta í, ach níl an Roinn Oideachais sásta leis sin níos mó. Caithfear critéir a leagan síos. Is cúis imní dúinn nach bhfuil mórán airde ar an meánscolaíocht sna cruinnithe faoi seo, agus seo é an t-am chun an cheist seo a ardú,” a dúirt Ó Scolaí.

Ag labhairt dó ar Nuacht TG4 oíche Dé Luain, dúirt Ronan Browne, atá ina chónaí sa Spidéal, gur Gaeltacht “lán le Béarla” a bhí sa cheantar agus go mba bhreá leis dá mbeadh a chuid gasúr in ann “dul chuig meánscoil cheart lán-Ghaeilge i gConamara” ach nach bhfuil. Tá a chuid gasúr á gcur aige chuig scoil lán-Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe.
Dúirt Tríona Uí Mhurchú, príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, gur fearr d’aon scoil fáilte a chur roimh chách, beag beann ar a gcumas teanga.

“Is é an rud is fearr faoi na scoileanna ná go nglacann siad le gach cineál gasúir ó gach cineál cúlra ar gach cineál cumais. Má chuireann scoileanna roimh chuile chineál gasúr, fiú iad siúd ar bheagán Gaeilge, déanfaidh na scoileanna níos fearr as agus beidh na gasúir níos fearr as, agus fiú an pobal – an tsochaí trí chéile – beidh sé níos folláine,” a dúirt Ní Mhurchú le Nuacht TG4.

Dúirt múinteoir amháin atá ag teagasc i scoil lán-Ghaeilge gurb aisteach leis go mbeadh brúghrúpa ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a bhunú sa Ghaeltacht.

“Braitheann sé ar chaighdeán na scoile, agus shílfeá go mbeimisne, sna Gaelcholáistí, ag iarraidh aithris ar na scoileanna maithe Gaeltachta, agus tá a leithéid ann.

“Is dócha go bhféadfaimis ar fad foghlaim óna chéile ach ar deireadh thiar, níl seans ar bith go bhféadfaí scoil nua, mar atá á phlé, a bhunú toisc nach bhfuil na huimhreacha ann. Is masla é ar shlí don scoil Ghaeltachta. B’fhéidir nach bhfuilimidne sa Ghaelcholáiste chomh maith is a cheaptar,” a dúirt an múinteoir nár theastaigh go luafaí a ainm.

www.tuairisc.ie