Méid an Téacs

Turais Ghaoluinne anois i monarcha saighdiúirí bréagán

Aibreán 9, 2014

TÁ a chuid doirse oscailte ag gnó amháin i nGaeltacht Mhúscraí do leanaí gach aois le turais scoile Gaoluinne á dtairiscint anois acu.

Tá turas saincheaptha de mhonarcha na saighdiúirí bréagán curtha le chéile ag Prince August i gCill na Martra, agus é á dhíriú acu ar scoileanna, go háirithe scoileanna na Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Tugtar deis do dhaltaí éachtaint a fháil ar an bpróiseas trína ndéantar na saighdiúirí, agus tugtar seans dóibh triail a bhaint as a saighdiúirí miotail féin agus go leor figiúirí eile a dhéanamh. Táirgeann Prince August, a éilíonn gur í an t-aon mhonarcha saighdiúirí bréagán í san Eoraip, na céadta múnlaí rubair bulcáinithe éagsúla, ag tabhairt deis do dhíograiseoirí a bpíosaí fichille, ainmhí agus figiúirí beaga féin a chruthú.

Le rian de churaclaim na heolaíochta, na healaíne, na staire agus an staidéir ghnó, tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh i ngnéithe uile an phróisis déantúsaíochta, bolcáinithe, múnlaithe miotail, múnlála, spuaicphacála agus lipéadú na bhfigiúirí. Tá na pacáistí reatha na dturas sóile ar fad de chuid Prince August á dtairiscint anois trí mheán na Gaoluinne, óna gcur i láthair bunúsach 45 nóiméad ar fhad ar chostas Euro 4 in aghaidh an dalta go ceardlann munlála agus péinteála trí huaire chloig ar chostas Euro 10 an dalta. Is féidir na turais ar fad a chur in oiriúint do riachtanais na scoile féin agus táid oiriúnach do dhaltaí d’aois naoi mbliana ar aghaidh agus gach leibhéal meánscoile. Eolas ó trade@princeaugust.ie nó 026 40342.

www.eveningecho.ie