Méid an Téacs

Tús á chur le cruinnithe faoin oideachas Gaeltachta anocht

Meitheamh 23, 2015

Cuirfear tús anocht le sraith cruinnithe faoi na moltaí oideachais don Ghaeltacht i Seanscoil Sailearna in Indreabhán ag 8in. Is í an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht atá ag reáchtáil na gcruinnithe i gceantar Chonamara.

Tabharfar tuilleadh eolais faoi na moltaí atá á ndéanamh sa dréachtpholasaí don oideachas sa Ghaeltacht a sheol an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan  ag tús mhí Bhealtaine. Déanfar cur i láthair gairid ina míneofar moltaí na Roinne agus beidh seisiún plé ann ina dhiaidh sin faoi na bealaí a bhféadfadh tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun i láthair na huaire.

Tugann na moltaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

De réir na moltaí, tabharfar cúnamh ar leith do scoileanna Gaeltachta aistriú go múineadh trí Ghaeilge más é an chaoi go bhfuil an teagasc á thabhairt trí Bhéarla iontu i láthair na huaire.

Tá moladh conspóideach i measc mholtaí na Roinne freisin go mo bha cheart breathnú “ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór.”

Tá sé mar aidhm ag an dréachtpholasaí tabhairt faoi na dúshláin atá roimh phobal agus scoileanna na Gaeltachta, ina measc stádas mionlaithe na bpáistí a thógtar le Gaeilge i roinnt scoileanna Gaeilge, an méadú ar úsáid an Bhéarla i bpobail Ghaeltachta agus líon na scoileanna Gaeltachta nach ndéanann teagasc do gach ábhar trí Ghaeilge.

http://tuairisc.ie/tus-a-chur-le-cruinnithe-faoin-oideachas-gaeltachta-anocht/