Méid an Téacs

Tús curtha le cainteanna maidir le Samhail #2

Iúil 24, 2012

Tá eagrais Ghaeilge buartha go bhfuil Foras na Gaeilge ag brú ar aghaidh le samhail úrnua mhaoinithe gan aird a thabhairt ar mholtaí na n-eagras bunmhaoinithe i dtaobh réimse oibre na hearnála i gcoitinne.

Tá imní ar na heagrais chomh maith faoin amscála atá á chur rompu ag Foras na Gaeilge chun teacht ar réiteach aontaithe sásúil do phobal na Gaeilge.

Tá beartaithe ag Foras na Gaeilge go dtionólfar sraith de cheardlanna leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe ar 25,26,27 Iúil a bheidh faoi stiúir éascaitheora neamhspleácha le comhairleoir pleanála teanga i láthair, tá sé i gceist an téama a leanas a phlé le linn na gceardlann,

  • Gaeloideachas
  • Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’Aosaigh
  • Ardú Feasachta Teanga agus Cosaint Teanga
  • Imeachtaí Tacaithe agus Úsáide Gaeilge
  • Forbairt Pobail
  • Forbairt Gréasáin agus Deiseanna Úsáide Gaeilge don Óige

Comhairleoir
Chomh maith leis sin fógróidh ar 9 Iúil go bhfuil comhairleoir le ceapadh ag Foras na Gaeilge le cás gnó a scríobh. Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh, as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais, na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.

Dearcadh na n-eagras bunmhaoinithe
Is ábhar iontais do na heagrais go mbeidh ar chomhairleoirí a bhfuil suim acu sa phost le cás gnó a scríobh iarratas a chur isteach roimh 27 Iúil, an lá céanna ar a mbeidh deireadh leis na ceardlanna atá beartaithe chun tosaíochtaí agus riachtanais a phlé ba cheart a chuimsiú i bPlean Straitéiseach uileghabhálach de chuid an Fhorais mar chuid de phróiseas cuíchóirithe.

Is léir go bhfuil sé deacair a shamhlú conas is féidir le comhairleoir atá ceaptha chun na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú chomh maith leis an mbealach is fearr chun cinn don earnáil dheonach a mholadh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas chuíchóirithe ar fad atá molta.

Is ábhar imní é do na heagrais bhunmhaoinithe chomh maith go bhfuil ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.

Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtú agus a chur os comhair na nAirí tar éis dóibh os cionn 4 bliana a chaitheamh ag brú ar aghaidh le samhail úrnua mhaoinithe ar cuireadh deireadh leis ar 29 Meitheamh 2012.

Tháinig sé chun solais ó cheist Pharlaiminte ar Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD gur chaith Foras na Gaeilge os cionn €130,000 thar 4 bliana ar an tSamhail Nua Mhaoinithe gan costas na tuarascála ar an bpróiseas comhairliúcháin a rinneadh in 2012 agus costais inmheánacha na foirne san Fhoras san áireamh.

Moladh d’Fhoras na Gaeilge i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht i dtaobh na Samhla Nua Maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí chun seirbhísí fíorthábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, moladh ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairiscint iomaíoch. D’fhoilsigh an Comhchoiste an tuarascáil tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na n-eagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo.

GAELPORT.COM