Méid an Téacs

Tús le pleanáil teanga Ghaeltachta

Eanáir 23, 2014

Tá cuireadh á thabhairt ag Údarás na Gaeltachta d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí pobail iarratas a dhéanamh le bheith mar cheann-eagraíocht pleanála teanga do cheantar Chois Fharraige, ceann de na trí limistéir phleanála teanga atá roghnaithe chun tús a chur leis an gcóras pleanála teanga Ghaeltachta.

Tar éis próiseas measúnaithe ar na hiarratais, déanfaidh An tÚdarás eagraíocht a roghnú a bheidh mar cheann-eagraíocht comhordaithe ar na limistéir chuí. Beidh sé mar chúram ar an eagraíocht plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm sa limistéar. Beidh suas le 2 bhliain ag an cheann-eagraíocht le plean teanga a ullmhú agus 7 mbliana chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Beidh an ceann-eagraíocht seo ionadaíoch don phobal, d’eagraíochtaí pobail, do choistí agus do chumainn dheonacha agus teanga.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis “Tá áthas orainn go bhfuil muid tagtha chuig an staid seo anois gur féidir linn bogadh ar aghaidh leis an phróiseas pleanála teanga seo sa Ghaeltacht. Is próiseas casta atá ann, agus ní féidir linn an obair dhúshlánach seo a dhéanamh gan comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobail.” Is é an 14 Márta an spriocdháta le hiarratais a bheith curtha faoi bhráid an Údaráis. Tá eolas iomlán le fáil ar www.udaras.ie.

www.advertiser.ie