Méid an Téacs

Miotas a bhaineann leis an nGaeloideachas á fhiosrú ag Conradh na Gaeilge agus Colm Ó Broin

Márta 27, 2017

16562257635_b9e4b8b3a6_m

 

 

B’fhiú go mór breathnú ar an bhfíseán seo atá curtha le chéile ag ár gcairde i gConradh na Gaeilge….Tá go leor miotas a bhaineann leis an nGaeloideachas, roinnt acu atá ar an bhfód leis na céadta bliain agus cinn eile ar cumadh iad as an nua le déanaí. Tá Conradh na Gaeilge ag obair le Colm Ó Broin chun an mí-eolas nó na ‘fíricí ailtéirneacha’ is coitianta faoin nGaeloideachas a bhréagnú.

“Tá os cionn 50,000 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in Éirinn.
Is léiriú iad na scoileanna lán-Ghaeilge ar na pobail ina bhfuil siad lonnaithe, agus áirítear daltaí ó gach aicme agus cúlra in Éirinn i measc a scoláirí dá bharr.
Cuireann Gaeloideachas eolas faoi thumoideachas trí Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí i rogha teangacha, Fraincis, Rúisis, Polainnis, agus Portaingéilis san áireamh. Tá an Ghaelscolaíocht ar fáil agus oscailte do pháistí ó gach cúlra.”