Méid an Téacs

Mórchomórtas Táibléad

Eanáir 5, 2016

Tá an mórchomórtas atá á rith ar leathanach Facebook Meangadh Fíbín ó aimsir na Nollag le rith go deireadh na míosa mar gheall ar an bhfreagairt iontach a fuarthas go dtí seo. Tá deis ag daoine Táibléad Android 9″a bhuachan mar an phríomhdhuais chomh maith le roinnt duaiseanna beaga T-léine, leabhar Saol Faoi Shráid agus méaróg USB ina measc. Ritheadh an comórtas mar cheiliúradh ar sheoladh an aip nua ‘Saol Faoi Shráid’ atá le fáil saor in aisce anois do ghairis Apple agus Android.

Screen Shot 2015-12-17 at 16.47.32

Níl oraibh ach dul anonn chuig leathanach Facebook Meangadh Fíbín, ‘Is Maith Liom É’ a dhéanamh ar an bpictiúr agus ceist bheag a fhreagairt. Tá na sonraí ar fad thall ansin.