Méid an Téacs

Ná Díoladh Leanaí as – Cosain an Bunoideachas

Meán Fómhair 4, 2013

Tháinig An Chomhghuaillíocht Náisiúnta don Bhunoideachas, a chuimsíonn na comhpháirtithe bunscoile uile, le chéile chun iarraidh ar an Rialtas stop a chur le ciorruithe breise ar an mbunoideachas i gCáinaisnéis na bliana seo. Creideann An Chomhghuaillíocht gur ionsaí díreach ar leanaí agus ar a gcearta bunreachtúla ar oideachas bunscoile aon iarrracht ciorruithe breise a chur i bhfeidhm ar an mbunoideachas. Ní ceart go gcuirfear iachall ar leanaí an lae inniu agus amárach díol as trioblóidí nó géarchéim eacnamaíochta na tíre seo.

Impíonn An Chomhghuaillíocht ar an Rialtas tosaíocht a thabhairt don bhunoideachas. Tá tábhacht leis an mbunoideachas chun go mbeadh rath ar an tír arís. Conas is féidir le scoileanna an ghlúin reatha a ullmhú don todhchaí má bhaintear acmhainní ríthábhachtacha díobh? Droch luach ar airgead iad na ciorruithe ar an mbunoideachas – cinneadh gearr-radharcach a dhéanfaidh an-dochar do shochaí na hÉireann.

Iarrann An Chomhghuaillíocht ar phobal na scoile teagmháil a dhéanamh leis na Teachtaí Dala áitiúla agus a iarraidh orthu cosaint a thabhairt don bhunoideachas. Sheol an Chomhghuaillíocht cártaí poist, ar féidir iad a sheoladh chuig na Teachtaí Dála, chuig gach scoil le go ndáilfear na cártaí ar gach teaghlach maraon le liosta na dTeachtaí Dála áitiúla, ar féidir na cártaí a sheoladh chucu.

Iarrann An Chomhghuaillíocht Náisiúnta ar scoileanna, ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí, ar phobail scoile agus ar mhuintir na hÉireann, seasamh le chéile, cur in aghaidh na gciorraithe agus an bunoideachas a chosaint ar mhaithe lenár leanaí.

Is iad seo a leanas baill na comhghuaillíochta: An Foras Pátrúnachta, CPSMA, Eaglais na hÉireann, Educate Together, GAELSCOILEANNA TEO., IPPN, INTO, NABMSE, NPC.

Is féidir an cárta poist a íoslódáil anseo: Cárta Poist 2013

Cárta Poist