Méid an Téacs

Ó Pheann an Phiarsaigh ar camchuairt i dtuaisceart na tíre

Samhain 14, 2016

postaer-15-11-20161

Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir

An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.

Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ an tseachtain seo chugainn:

Coláiste Mhuire, Béal Feirste –  Dé Máirt, 15 Samhain @ 2 i.n.

An Chultúrlann, Béal Feirste – Dé Máirt, 15 Samhain @ 8 i.n. (beidh ceol ann i ndiaidh an imeachta seo fosta)

Coláiste Feirste (beidh an léiriú ar siúl sa Chultúrlann) – Dé Céadaoin, 16 Samhain @ 11 r.n

Tí Chulainn, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha – Dé Céadaoin, 16 Samhain @ 8 i.n. (beidh ceol ann i ndiaidh an imeachta seo fosta)

Amharclann An Gharáiste (The Garage), Muineachán – Déardaoin, 17 Samhain @ 1.45 i.n.

Teach an Mhargaidh, Baile Mhuineacháin – Déardaoin, 17 Samhain @ 8 i.n

Amharclann na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh, Tír Chonaill – Dé hAoine, 18 Samhain @ 8 i.n

Oiléan an Ghuail, Co. Thír Eoghain – Dé Sathairn, 19 Samhain @ 8 i.n. (beidh ceol ann i ndiaidh an imeachta seo fosta)

 Má bhíonn eolas breise ar bith uaibh maidir leis na léirithe seo, déan teagmháil le Séan (087 6484855 nó eiresean@hotmail.com)