Méid an Téacs

Ó Pheann an Phiarsaigh i mBéal Feirste agus Anagaire an tseachtain seo

Meitheamh 20, 2016

Béal Feirste 23/6

Beidh an dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir á léiriú sa Chultúrlann i mBéal Feirste, Déardaoin, 23 Meitheamh @ 8 i.n.  Mar chuid den oíche, beidh ceol le Diane Cannon agus Claire Nic Ruairí.  Cead isteach £5. Lacáiste £3.

Póstaer23Meitheamh

Anagaire 25/6

Halla Anagaire, Tír Chonaill – Dé Sathairn, 25 Meitheamh @ 8.30 i.n. Ceol den scoith ina dhiaidh le Dónal MacDaibhéid, Suzanne McDevitt agus Conor O Gallchóir. Beidh dráma grinn ó Rann na Feirste le Niall Mac Eamharcaigh le deireadh a chur leis an oíche.

Póstaer25Meitheamh

_______________________________

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste – Déardaoin, 23 Meitheamh @ 8 i.n.

Halla Anagaire, Tír Chonaill – Dé Sathairn, 25 Meitheamh @ 8.30 i.n. (ceol den scoith ina dhiaidh agus dráma grinn ó Rann na Feirste)

Oileán Thoraí (Trasna na dtonnta linn!) – Déardaoin, 7 Iúil (Am le fógairt)

Ionad Pobail Dhún Lúiche – Dé Sathairn, 9 Iúil @ 8 i.n (ceol den scoith ina dhiaidh)

Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill 2016, i gCaisleán Uidhlín, Co. an Dúin – Dé hAoine, 15 Iúil @ 8 i.n.

Féile Chnoc Fola (Ionad Phobail Chnoc Fola), Tír Chonaill – Dé hAoine, 22 Iúil @ 8 i.n.

Gleann Cholm Cille, Iardheisceart Thír Chonaill – Dé Ceadaoin, 27 Iúil

Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill – Dé Ceadaoin, 3 Lúnasa

Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe – Dé Sathairn, 6 Lúnasa 

_______________________________

Blaiseadh beag den dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir:

http://tuairisc.ie/fisean-o-pheann-an-phiarsaigh-ag-griosadh-meanma-na-gcarad/

Noel Ó Gallchóir – Donegal Daily

Noel Ó Gallchóir – The Irish Times

Noel Ó Gallchóir – Pádraig Mac Piarais (NOS.ie)

Noel Ó Gallchóir – Seosamh Mac Grianna

Noel Ó Gallchóir – BBC Stewart Parker Winner
An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.

Noel Ó Gallchóir
Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Noel Ó Gallchóir. Tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir. Ba mhúinteoir é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus bhí sé ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go 2015. Tá suim faoi leith aige sa stair, sa scríobh agus sa drámaíocht.  Le linn 2014/15 chuir Noel seó aonair eile dar teideal ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ os comhair an phobail 25 huaire. Saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna ab ábhar don dráma sin agus léiríodh é go forleathan ar fud na tíre. Bronnadh Gradam Stewart Parker 2015 ar an dráma agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorcaigh chomh maith.

 

Beir bua agus beannacht,
Seán https://www.facebook.com/OPheannanPhiarsaigh/