Méid an Téacs

Ó Pheann an Phiarsaigh – Iúr Cinn Trá – Dé Sathairn 12 Márta 2016

Márta 9, 2016

Beidh an dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir á léiriú I dTeach na hÉigse (Iúr Cinn Trá), Dé Sathairn, 12 Márta @ 7.30–9.30 i.n.

Mar chuid den oíche, beidh ceol le Seán Mac Corraidh agus Pádraigín Ní Uallacháin.

Ticéid ar fáil ar 028 30313031. Cead isteach £10. Lacáiste £5.

An tIúr

An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.

Noel Ó Gallchóir
Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Noel Ó Gallchóir. Tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir. Ba mhúinteoir é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus bhí sé ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go 2015. Tá suim faoi leith aige sa stair, sa scríobh agus sa drámaíocht.  Le linn 2014/15 chuir Noel seó aonair eile dar teideal ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ os comhair an phobail 25 huaire. Saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna ab ábhar don dráma sin agus léiríodh é go forleathan ar fud na tíre. Bronnadh Gradam Stewart Parker 2015 ar an dráma agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorcaigh chomh maith.