Méid an Téacs

Oideoir sna Luathbhlianta – Cúntóir Naíonra

Bealtaine 4, 2016

Naionra Logo le tagline sml

Iarratais á lorg do Cúntóir Naíonra ag Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

An Naíonra:

Is Naíonra lán Ghaeilge é Naíonra Chrónáin.

Is naíonra gnóthach é, ag rith seisiúin ar maidin agus sa tráthnóna. Tá aidhm lucht cheannais an Naíonra dírithe ar chúram agus oideachas d’ard chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís. Tá dúil ár n-anamacha sa spraoi lasmuigh agus sa spraoi riosca agus creideann muid i gcónaí i bheith suas chun dáta le taighde nua chun a chinntiú go bhfuil muid i gcónaí ag soláthair an chúraim agus an oideachais den chaighdeán is airde gur féidir a sholáthair.

Cáilíochtaí:

Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 6 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí, comh maith le líofacht i nGaeilge labhartha agus scríofa.

An Ghaeilge:

Muna bhfuil líofacht iomlán agat i labhairt agus scríobh sa Ghaeilge ach go bhfuil caighdeán na hArdteiste agat i nGaeilge beidh muid in ann cúnamh a thabhairt duit do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú más gá.

Freagrachtaí:

Feidhmiú i suíomh réamhscolaíochta le fuinneamh agus le spraoi taobh istigh is lasmuigh. Bheith páirteach i gcúrsaí a phleanáil, sonrú agus tuairisc a choinneáil. Ba chóir go mbeadh dúil ag an duine a roghnaítear i seirbhís den chéad scoth, le scileanna idirphearsanta agus inphearsanta láidir, bheith in ann feidhmiú mar bhall foirne agus ar an am céanna bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.

Post:    Post Lánaimseartha atá i gceist

Tuarastal:       Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí

Litir Iarratais agus CV chuig:

An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,

Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. (eolas@araschronain.ie / 01-4574847)

Dáta Deireadh Iontrála: Aoine 20/05/2016 roimh 1.00i.n.