Méid an Téacs

Paráid mhór Ghaelscoil Mhic Amhlaigh

Bealtaine 18, 2012

Mháirseáil os cionn 300 duine ó Ghaelscoil Mhic Amhlaigh trí shráideanna na Gaillimhe an Satharn seo caite.

Bhí idir dhaltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus foireann scoile i láthair ag iarraidh na scoile nua nach bhfuil faighte ag an scoil a choinneal i mbéal an phobail.

Thosaigh siad ag an bhFaiche Mhór agus mháirseáil siad síos Sráid na Siopaí.   Bhí campaí beaga do ghasúir ag cuid de na daltaí mar shiombail de na hocht bhfoirgneamh réamhdhéanta atá in úsáid acu faoi láthair. Tá breis agus 200 dalta ag an scoil agus tá siad uilig sna foirgnimh réamhdhéanta sin.

Scaoileadh dhá bhalún déag in airde sa spéir ag meán lae, ceann do gach bliain a bhfuiltear ag fanacht leis an síneadh nua scoile.

“Ócáid dhearfach a bhí ann ag an deireadh,” a deir Dairíona Nic Con Iomaire, príomhoide na scoile.

Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh lonnaithe i gCnoc na Cathrach agus tá siad ag fanacht 12 bhliain do scoil nua. Bhíodar ag siúl go rachadh an Roinn Oideachais ar aghaidh leis an tionscnamh i mbliana ach chuireadar deireadh leis an bplean i mí an Mhárta 2012.

www.gaelsceal.ie