Méid an Téacs

Rath ar na cruinnithe eagraithe ag Gaeloideachas maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta

Meitheamh 1, 2017

B’ábhar dóchais mór do Gaeloideachas an freastal mór agus rannpháirtíocht ghníomhach ó phobal na scoileanna Gaeltachta sa tsraith cruinnithe a reáchtáil an eagraíocht ar an bPolasaí Oideachais Gaeltachta le 10 lá anuas.

Reáchtáladh cruinnithe i nGort a Choirce, Béal an Mhuirthid, An Ceathrú Rua, Cill Áirne agus Oirthear na Gaillimhe, agus bhí ionadaíocht láidir ann ag gach cruinniú ó bhaill iomlán na pobalscoile, idir príomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus an pobal níos leithne.

Bhí an-áthas ar Gaeloideachas an deis a fháil meon, moltaí, tuairimí agus ábhar imní na scoileanna agus a gcuid pobail a chloisteáil, tuairimí a chuirfear le chéile mar bhunús d’aighneacht stocaireachta thar ceann na scoileanna chuig an Aonad um Oideachas Gaeltachta.

Soiléiríodh tríd na cruinnithe seo go bhfuil an-chuid éagsúlachta dearcaidh agus tuisceana ann idir na ceantair Gaeltachta éagsúla i leith feidhmiú an pholasaí. Tá idir dearfacht agus dóchas le braith sna ceantair láidre Gaeltachta I leith an pholasaí, in ainneoin doiléire agus imní i leith na n-acmhainní daonna a bheidh ar fáil chun an luath-thumadh iomlán a chur i bhfeidhm. Anuas ar sin, sna ceantair imeallacha léiríodh go bhfuil géarghá le clár feasachta cuimsitheach agus forleathan i measc tuismitheoirí chun go mbeidh muinín acu sa tumoideachas.

Tháinig saineolaí ar an tumoideachas i láthair na gcruinnithe chun cur i láthair a dhéanamh ar fheidhmiú agus buntáistí an tumoideachais don slua, agus gabhann Gaeloideachas buíochas leis an Dr. Conchúr Ó Brolcháin agus Dónal Ó hAiniféin as a gcuid saineolais a roinnt go fial flaithiúil ag na cruinnithe seo. Tá buíochas ag dul freisin do na príomhoidí agus na múinteoirí a shuí ar na painéil agus a roinn a gcuid taithí ar lucht an freastail.

Tá Gaeloideachas an-bhuíoch as an spéis ghníomhach atá léirithe ag pobal na nGaeltachtaí sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Mar eagraíocht atá ag feidhmiú mar ghuth do na scoileanna Gaeltachta, tá an eagraíocht ag súil le gníomhú ar an aiseolas ó na cruinnithe, i gcomhar leis na scoileanna agus an Aonad um Oideachas Gaeltachta.

Teagmháil:

Anna Ní Chártúir, Leas-Uachtarán, Gaeloideachas
085 1351097

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
086 8050335

Gaeloideachas

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.