Méid an Téacs

Sárscoil Fibín

Aibreán 3, 2017

Coláiste na Rinne

Sárscoil Fíbín 2017 (3 -14 Iúil )

Beidh Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais arís sa samhradh don séú bliain as a chéile agus tá muid ar thóir daoine óga idir 15-17 bliain d’aois chun tabhairt faoin gcúrsa.

Ar mhaith leat an deis chun teacht ar cuairt go Conamara chun cónaí le teaghlach áitiúil ar feadh coicíse? Beidh deis agat do chuid Gaeilge a chleachtadh gach lá agus tú ag cur barr feabhais ar do scileanna drámaíochta/aisteoireachta ag an am céanna.
Riachtanais don chúrsa:

– Leibhéal réasúnta Gaeilge labhartha
– Beidh ar gach scoláire éisteacht a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar an gcúrsa trí físeán gearr trí nóiméad a chur isteach dóibh féin ag labhairt agus ag aisteoireacht as Gaeilge nó trí éisteacht a dhéanamh ag do scoil
– Is buntáiste suim a bheith agat i gcúrsaí aisteoireachta/drámaíochta agus taithí sna cúrsaí seo

Táille an chúrsa:

€650, a chlúdaíonn lóistín, bia, meantóirí, riarachán, aíonna speisialta srl.
Mura bhfuil lóistín ag teastáil, is féidir an cúrsa a dhéanamh ar €325

Moltaí ó Iar-scoláirí:

Bhí am an-mhaith agam ag Sárscoil Fíbín. Tá dlúthchairde déanta agam agus sí an choicís is fearr de mo shaol a bhí inti. Tugadh deis dom foghlaim mar gheall ar scannáin a dhéanamh agus breis taithí aisteoireachta a fháil. Bhí an-chraic agam agus dá gcuirfí ceist orm imeacht ann arís, ní chaithfinn fiú cuimhneamh air! Sárscoil Fíbín go deo”
Róisín Ní Chéileachair, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Sárscoil Fíbín 2011
(Aisteoir sa tsraith EIPIC ar TG4)

“Bhain mise an-sult as an gcúrsa agus d’fhoghlaim mé cuid mhór taithí ar chúrsaí aisteoireachta i ndóigh spórtúil agus spraíúil. Níor mhothaigh sé go raibh muid ag déanamh obair chrua ag am ar bith. Bhí na ceannairí iontach cuidiúil agus lán le fuinneamh agus sílim gur chuidigh seo go mór. Tar éis an chúrsa tá níos mó suime agam i gcúrsaí aisteoireachta agus tá eolas agus taithí den scoth agam mar gheall ar an gcúrsa. Rinne mé cairde ar fheabhas tríd an gcúrsa agus táim ag comhrá leo go fóill!! Cúrsa ar fheabhas nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo! Guím ádh mór oraibh don chúrsa an samhradh seo”
Darren O’Dubhgáin, Pobalscoil Chloch Ceann Fhaola, Sárscoil Fíbín 2014

“Bhí an cúrsa an-suimiúil agus taitneamhach. Ní raibh mórán muinín agam ag tús an chúrsa, ach fiú tar éis an chéad seachtain ann, níor stop mé ag canadh ná ag caint! Bhí na gníomhaíochtaí i rith an lae tairbheach agus chuir siad le mo chuid scileanna aisteoireachta cinnte. Bím ag obair le Telegael go rialta ag déanamh aisteoireacht guth do chartún srl. Gan mo chuid taithí ag an Sárscoil, ní dóigh liom go mbeadh na scileanna cearta agam chun rudaí iontach mar seo a dhéanamh. Freisin, bhí timpeallacht chompordach ann i gcónaí agus mé ag fanacht leis an Sárscoil. Inniu, táim fós i dteagmháil leis na daoine éagsúla ar chas mé orthu ann. Más duine ciúin, fiáin nó muiníneach thú, molaim an cúrsa seo duit. Tá áit ann do gach duine agus am acu le forbairt”
Laoise Ní Nualláin, Coláiste na Coiribe, Sárscoil Fíbín 2013
(Amhránaí is scríbhneoir sa British & Irish Modern Music Institute)