Méid an Téacs

40 Bliain de Choláiste Chamuis

Meán Fómhair 24, 2013

I 1973 a bunaíodh Coláiste Chamuis, agus tá an coláiste ag dul ó neart go neart ó shin.

Reáchtálfar dinnéar ceiliúrtha agus oíche cheoil in Óstán Chois Fharraige ar an Satharn 28 Meán Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht atá bainte amach ag an gcoláiste le blianta fada.

Beidh an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., i láthair mar aoi speisialta ar an oíche mar aon le mná tí, iarscoláirí, muinteoirí, foireann agus seanchairde eile de chuid an Choláiste.

D’oscail doirse an choláiste den chéad uair i 1973, le 52 scoláire, beirt mhúinteoirí agus 10 teaghlach a bhí sásta scoláirí a choinneáil. D’fhill 37 den chéad ghrúpa sin an bhliain dár gcionn agus bhí Coláiste Chamuis faoi lánseol. Tháinig méadú ar líon na scoláirí de réir a chéile agus i 1978 cuireadh tús leis an dara cúrsa i mí Iúil. Chun freastal ar an éileamh ó dhaoine a theastaigh uathu teacht ar an gcúrsa, bunaíodh cúrsa nua sa Tulach i 1985, agus sa bhliain 1992, osclaíodh ionad nua i Ros a’Mhíl. Sa bhliain 2003 osclaíodh ionad saintógtha, Teálta na hÓige, i Ros a’Mhíl, Co. na Gaillimhe.

Déanann Coláiste Chamuis freastal ar isteach agus amach le 1,500 scoláire ó cheann ceann na tíre gach samhradh. Tá tús curtha le déanaí le cúrsa breise um Cháisc d’ábhair oidí. Tá lear maith d’iarscoláirí an Choláiste bainteach le cúrsaí Gaeilge i gcónaí i réimsí éagsúla amhail oideachas, iriseoireacht, na healaíona, cúrsaí siamsaíochta agus oidhreachta, dlí, gnó agus ar ndóigh gluaiseacht na Gaeilge féin.

Éiríonn thar barr leis na scoláirí an Ghaeilge a fhoghlaim mar léiriú ar mhana an Choláiste le 40 bliain, ‘Is fiú agus is féidir’ an Ghaeilge a shealbhú mar urlabhra i saol na linne seo. Bíonn tionchar mór ag an gColáiste freisin ar dhéagóirí na Gaeltachta, a thuigeann toisc a dteagmháil leis na scoláirí, go bhfuil oidhreacht ar leith acu féin agus nach rud aisteach ar bith í an Ghaeilge tharla daoine óga ar fud na hÉireann a bheith ag iarraidh í a fhoghlaim.

Cuirtear fostaíocht sa samhradh ar fáil do 70 ball foirne sa choláiste. Tá tionchar láidir eacnamaíochta ag Coláiste Chamuis, agus ag coláistí samhraidh eile ar an nGaeltacht agus is fiú tuairim is €50M an tionscal ar fad do cheantar Chonamara.

Deir Máire Denvir, Bainisteoir an Choláiste: “I gcomhthéacs chúrsaí turasóireachta in Éirinn i láthair na huaire, is sna Coláistí Gaeilge a fheictear an turasóireacht chultúrtha par excellence, mar atá, forbairt eacnamúil na Gaeltachta ar bhealach a luíonn go nádúrtha le hoidhreacht dúchais an cheantair agus a chaomhnaíonn agus a chothaíonn an oidhreacht sin. Tá tionscal na gColáistí bunaithe ar phríomhacmhainn na Gaeltachta, an Ghaeilge féin, agus tá sé d’aidhm bhunúsach ag Coláiste Chamuis cuidiú le polasaithe buanaithe agus sealbhaithe Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre”.