Méid an Téacs

Ag cosaint sábháilteacht leanaí: fógra faoi fhóin chliste agus grianghraif a thógáil

Lúnasa 16, 2013

Tá a fhios ag an domhan mór is a mháthair go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint le húsáid fón cliste sa lá atá inniu ann. Seo ráite, is gá do thuismitheoirí agus d’fhostaithe naíonraí a bheith thar a bheith cúramach agus iad ag tógáil grianghraf de leanaí más rud é go bhfuil siad le cur ar líne. Go minic bíonn seirbhísí suímh (location services) casta air go huathoibríoch ar fhóin chliste i ngan fhios d’úinéirí, mar go mbíonn gá leo do léarscáileanna agus do ghnéithe eile den chineál sin. Mura bhfuil na seirbhísí suímh seo casta as do ghrianghraif agus go ndéanfar grianghraif a uaslódáil ar líne is féidir le beagnach gach duine an suíomh ina thógtar iad a fheiceáil. Is cinnte gur ceist slándála atá sa mhéid seo nuair is leanaí atá i gceist. Déantar cur síos ar an mhéid seo san fhíseán. Chun na seirbhísí suímh seo a chasadh as téigh isteach go dtí Settings/Privacy/Location Services agus múch Ceamara. Murach sin, beidh tú ag íoslódáil sonraí faoin áit ar tógadh do chuid ghrianghraif ar d’fhón póca mar shampla, do sheoladh baile, scoil/naíonra do pháistí, srl.

Féach an físeán ar www.naionrai.ie