Méid an Téacs

Ag glaoch ar Dhamhsóirí, ar Cheoltóirí agus ar Chóracha na hÉireann le páirt a ghlacadh i gComórtais Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018

Feabhra 13, 2018

Tá Coiste Pan Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018. Reachtálfar comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ón 3-8 Aibreán 2018.

“Is deis iontach iad na comórtais chun blaiseadh agus léargas a fháil ar chultúr na dtíortha Ceilteacha eile. Chomh maith leis sin, tugann sé ardán nua cruthaitheach d’ealaíontóirí na hÉireann”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach.  “D’éirigh go maith leis na hÉireannaigh sna comórtais thar na mblianta, go háirithe san amhránaíocht traidisiúnta agus san amhránaíocht nuachumtha,” a dúirt sí, “agus i mbliana ba mhaith linn ár marc a dhéanamh sna comórtais ceoil, damhsa agus córacha chun ár gcultúr saibhir a chur chun cinn i measc ár gcairde Ceilteacha”, a dúirt sí.

Ar chlár na féile beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, córacha, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus, ár ndóigh, na comórtais éagsúla.

 Is é an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais ná, 1 Márta 2018. Is féidir foirm iontrála a fháil ar líne ag http://www.panceltic.ie/ agus é a sheoladh chuig competitions@panceltic.ie nó é a sheoladh chuig: Comórtais Pan Cheilteach, Oireachtas na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

 Le haghaidh tuilleadh eolais:

Louise Ní Dháibhéid                   T: 01 4753857                   R: louise@antoireachtas.ie

Gearóid Ó Maonaigh                 T:087 2389303

Máire Ní Fhearraigh                                                            R: pancelticdonegal@gmail.com 

 

Nótaí don Eagarthóir

1.    Tionóladh an chéad Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i mí na Bealtaine 1971.

2.       Reáchtáiltear an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach um Cháisc gach bliain.

3.    Déantar ceiliúradh ar chultúr Ceilteach na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Briotáine, Corn na Breataine agus Oileáin Mhanann.

4.    Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar www.panceltic.ie maidir le himeachtaí na féile.