Méid an Téacs

Ag Treorú na Foghlama sa Ghaeloideachas

Márta 31, 2017

Tá comhdháil ar chúrsaí gaeloideachais á reáchtáil ag an Ionad taighde ar an Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste ar an Chéadaoin 3 Bealtaine 2017. Is é treorú na foghlama sa Ghaeloideachas téama na comhdhála. Is tríd an taighde reatha agus an taithí ghairmiúil a léirítear seo. Tá sé mar aidhm againn eiseamláirí de thaighde reatha agus den dea-chleachtas ranga a scaipeadh go forleathan agus le suíomh a chur ar fáil do thaighdeoirí, do chleachtóirí agus do pháirtithe leasmhara mar phobal foghlama. Déanfar rogha páipéar ón Chomhdháil a fhoilsiú i Taighde agus Teagasc 7. Meastar go mbeidh suim ag cleachtóirí, ceannairí, taighdeoirí agus lucht pleanála sa chomhdháil. Deis a bheas ann ag múinteoirí agus ag ceannairí foghlama gréasúnú agus eolas a chur ar chleachtas a chéile fríd Oid-ócáid (TeachMeet) agus ag daoine a bhfuil taighde déanta acu ar cheisteanna a bhaineas le teagasc agus foghlaim san earnáil a bhfionnachtana a chur i láthair. Níl aon chostas ar chor ar bith i gceist ach caithfidh gach toscaire clárú don chomhdháil trí Eventbrite . Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an choláiste www.smucb.ac.uk