Méid an Téacs

Ag triall ar chraobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta!

Márta 28, 2011

Beidh ceoltóirí óga ó cheann ceann na tíre ag triall ar an gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an *Domhnach, 10 Aibreán*, chun páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas *SIANSA GAEL LINN 2011*.  

Is é seo buaicphointe na bliana den chomórtas seo do ghrúpaí ceoil traidisiúnta atá á reáchtáil ag Gael Linn ó 2001 i leith,  le tacaíocht ó Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

‘Is í an aidhm a bhí againn agus muid ag tosú amach deich mbliana ó shin ná dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige’, a deir Niamh de Búrca, riarthóir Siansa Gael Linn, ‘agus sílim go bhfuil seo á bhaint amach againn. Tá ardú tagtha ar líon na ngrúpaí a bhíonn rannpháirteach bliain i ndiaidh bliana.’

Beidh 8 ngrúpa ar fad páirteach sa Chraobh: ó *Cho. Ard Mhacha –** ‘Crua’, Port an Dúnáin; ó Shligeach – ‘Teaspach’, An Scoil Ghraiméir; ó Cho. Thiobraid Árann –‘Súgach’, Dúrlas; ó Cho. Bhaile Átha Cliath – ‘Buille Lughadha’, Baile na Manach agus ‘Cibé’, Ráth Éanaigh; ó Cho. an Chláir – ‘Faoiseamh’, An Ruán; ó Luimneach – ‘Éile’, Laurel Hill Coláiste FCJ agus ó Cho. Phort Láirge – ‘Dílse’, An Trá Mhór.  *Ina measc, tá idir grúpaí ceoil scoile agus cairde a tháinig le chéile mar ghrúpa go speisialta don chomórtas seo.  Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta atá cóirithe go speisialta acu, agus beidh amhráin Gaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

D’éirigh leis na hocht ngrúpa seo cáiliú trí dhá réamhbhabhta den chomórtas chun áit a ghnóthú sa Chraobh.