Agóid ag 13.15 inniu, 16.07.2014, ag Roinn an Taoisigh
Iúil 16, 2014
A chara,
Tá do thacaíocht de dhíth inniu más féidir in aon chor.
Tá ísliú stádais eile tugtha don Ghaeilge ó dheas ag an Taoiseach tríd Aire Stáit Gaeltachta nua a cheapadh nach bhfuil inniúil ar an nGaeilge agus is gá dúinn gníomhú láithreach.
Tá sé beartaithe againn, mar sin, agóid ghasta a dhéanamh lasmuigh de Roinn an Taoisigh inniu, Dé Céadaoin 16 Iúil 2014, ag 13.15 le cur i gcoinne cinneadh an Taoisigh.
Beimid ag bailiú lasmuigh de Roinn an Taoisigh (trasna ó Chearnóg Mhuirfean). Bheadh sé iontach ar fad dá bhféadfá a bheith linn agus muid ag léiriú go soiléir don Taoiseach nach bhfuilimid sásta len a chinneadh agus go bhfuil gá an fhadhb a réiteach láithreach.
Dar ndóigh, d’fheadfadh an Taoiseach an fhadhb seo a réiteach go simplí tríd cúram na Gaeltachta a thabhairt don Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin atá bainteach anois leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó Séan Kyne a cheapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta nó duine eile le Gaeilge.
Go raibh maith agat,
Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge