Méid an Téacs

Aip nua do lucht na hArdteiste

Márta 24, 2014

Cúnamh breise ar fáil dóibh siúd a bheas ag tabhairt faoin mBéaltriail ag deireadh na míosa

Agus 40% de mharcanna na Gaeilge ag dul don bhéaltriail, tá áis shuimiúil nua seolta ag www.clevercourses.ie mar chabhair do dhaltaí na hArdteistiméireachta.

Is aip idirghníomhach é Sraith Pictiúr 2014 a chuireann síos ar na fiche pictiúr a scrúdaítear mar chuid den bhéaltriail. Taobh istigh de gach scéal tá fuaimrianta, foclóir cuí, frásaí úsáideacha chomh maith le haistriúcháin Bhéarla agus tá 120 fuaimrian ó chainteoirí dúchasacha le feabhas a chur ar fhoghraíocht na ndaltaí.

Is áis iontach úsáideach í Sraith Pictiúr don ullmhúchán agus an dul siar atá ar siúl ag daltaí i láthair na huaire in am don bhéaltriail a bheas ag tarlú ag deireadh mhí an Mhárta.

Tá an aip cruthaithe ag sain-mhúinteoirí agus iar-scrúdaitheoirí don scrúdú béil agus deir tairgeoirí Sraith Pictiúr go gcuidíonn sé le daltaí tógáil ar na scileanna riachtanacha lena leagan féin a dhéanamh de na scéalta le sármharcanna a fháil sa scrúdú béil.

Dúirt Tiernan O’Neill, Bainisteoir Mhargaíocht Táirge, clevercourses.ie, “I ndiaidh dom bualadh le go leor múinteoirí Gaeilge le roinnt seachtainí anuas, tá an t-aiseolas an-dearfach go dtí seo, agus tá go leor acu i ndiaidh an Aip a íoslódáil le húsáid lena gcuid daltaí. Cuireann sé an ICT chun cinn san oideachas chomh maith, agus tá muid paiseanta faoin aidhm sin”.

Tá an Aip Sraith Pictiúr 2014 ar fáil don ardleibhéal agus don ghnáthleibhéal ag Google Play agus siopaí iOS ó €1.99 go €4.49.

Foilsithe ar Gaelport.com